saighdiúir gairmiúil Éireannach i seirbhís na Fraince From Wikipedia, the free encyclopedia
Saighdiúir gairmiúil Éireannach ab ea an Ridire Seán Liam Ó Súilleabháinn (Sir John William O'Sullivan sa Bhéarla). (c.1700 - c.1760). Chaith sé an chuid is mó dá ghairm bheatha i seirbhís na Fraince, ach b’fhéidir go bhfuil aithne níos fearr air mar gheall ar an mbaint a bhí aige le hÉirí Amach na Seacaibíteach sa bhliain 1745, iarracht ar ríchathaoir na Breataine a fháil ar ais do rítheaghlach na Stiúbhartach a bhí ar deoraíocht. Le linn an Éirí Amach ghníomhaigh sé mar aidiúnach ginearálta agus mar mháistir ceathrún ginearálta d'arm na Seacaibíteach agus bhí tionchar mór aige ar an bhfeachtas. Cé go dtugann a lán saothar tánaisteach a shloinne mar "O'Sullivan", d'úsáid sé an fhoirm "Sullivan" ina chomhfhreagras féin.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1700 Contae Chiarraí |
Bás | 1760 59/60 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Seacaibíteachas |
Gníomhaíocht | |
Gairm | oifigeach míleata |
Gairm mhíleata | |
Céim mhíleata | coirnéal |
Coinbhleacht | Bliain an Phrionsa |
Rugadh Ó Súilleabháin timpeall 1700 ag Ceapaigh na Coise in aice leis an Neidín, Contae Chiarraí, duine de bheirt mhac le Diarmaid Ó Súilleabháin (Dermot O’Sullivan sa Bhéarla), ar gabhadh a eastát teaghlaigh, sé sin Caisleán Dún Ciarán faoin Acht an tSocraithe 1652.[2] Tá faisnéis maidir lena luathshaol teoranta agus tógtar é as 'The Young Juba', beathaisnéis neamhiontaofa go minic den SéarlasStiúbharta scríobh Aeinéas Mac Dómhnaill (Aeneas MacDonald sa Bhéarla) i 1748, ag úsáid an ainm bréige Michell.[2]
Chuir na Péindlíthe teorainn ar deiseanna na n-uasal Caitliceach in Éirinn agus cosúil le go leor de chuid na linne sin, cuireadh oideachas ar Ó Súilleabháin i bPáras agus sa Róimh, mar ullmhúchán don sagartóireacht b’fhéidir.
Maíonn Mac Dómhnaill gur tháinig sé chun bheith ina theagascóir ar mhac an Mharcais de Maillebois, agus chuaigh sé in éineacht leis in athghabháil na Corsaice ag an Fhraince agus phoblacht Genova sa bhliain 1739.[3] Taifeadtar gur fhreastail sé san Iodáil agus ar an Réin le linn Chogadh Chomharbas na hOstaire, cé nach gcuirtear mórán sonraí ar fáil.[4]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.