reibiliúnach Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba náisiúnaí Éireannach é Séamas Mac Stiofáin, an "Seabhac Siúlach" nó James Stephens (1825 - 29 Márta 1901[1]), a bhunaigh Bráithreachas na bhFíníní timpeall na bliana 1850 (athraíodh an t-ainm go Bráithreachas na Poblachta ní ba dhéanaí).[2] An leasainm a bhí air ná "an Seabhac" nó an "Seabhac Siúlach".[3] D’oir an t-ainm dó mar shiúl sé Éire faoi thrí sna blianta tosaigh sin ar son an IRB. Ach chaith sé cuid mhór dá shaol thar lear, ar deoraíocht san Eoraip don chuid is mó.[4]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 26 Eanáir 1825 Cill Chainnigh |
Bás | 28 Aibreán 1901 76 bliana d'aois |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon |
Gníomhaíocht | |
Gairm | innealtóir, polaiteoir |
Ball de | |
Ba Phrotastúnach as gContae Chill Chainnigh é. Ba bhall d'Éire Óg é Séamas Mac Stiofáin sna 1840idí. In aois 23 dó, ghlac sé páirt in Éirí Amach na bliana 1848, Éirí Amach na nÉireannach Óg.
Goineadh sa cheathrú é ag Baile an Gharraí. Theip ar na réabhlóidithe agus theith Mac Stiofáin. Tar éis na troda, chuir cara leis tuairisc a bháis sna páipéir, bréag a chabhraigh leis éalú go dtí an Fhrainc.
Chaith sé cúpla bliain i bPáris, ina chónaí ag an Óstán Lion d’Or, 168 Faubourg St Denis.[5] Sa bhliain 1856, tháinig Mac Stiofáin ar ais go hÉirinn, ag teagasc na Fraincise do dhreamanna difriúla.
Bhunaigh sé 'Bráithreachas Phoblacht na. hÉireann' (an I.R.B.) sa bhliain 1858. Tugadh 'Na Fíníní' ar an gcumann i Meiricea. Cumann rúnda a bhí ann. Bhí sé mar aidhm ag na Fíníní Éirinn a scaradh ó Shasana trí. bhua arm.[6]
D'imigh sé go Meiriceá sa bhliain 1858. Rinne sé iarracht na himircigh Éireannacha i. Meiriceá a eagrú chun cabhrú le muintir na hÉireann neamhspleáchas a bhaint amach.
Sna 1860idí, thaisteal Mac Stiofáin timpeall na tíre in Éirinn, Bhunaigh sé an nuachtán, The Irish People, sa bhliain 1863, chun teachtaireacht na. bhFíníní a scaipeadh (agus oifig i mBaile Átha Cliath ag 12 Parliament Street).
Chuaigh Mac Stiofáin timpeall na tíre ag eagrú grúpaí agus ag iarraidh éirí amach a chur le chéile i gcoinne na mBriotanach. Bhí go leor ball ag na Fíníní i. Meiriceá agus i Sasana. Faoin mbliain 1865 bhí suas le 70,000 ball acu (nó "200,000" acu fiú[7]).
Ghabh na póilíní na ceannairí de na Fíníní i mBaile Átha Cliath (Séamas Mac Stiofáin agus Diarmuid Ó Donnabháin Rosa, srl) agus i gCorcaigh (Brian Dillon) i Meán Fómhair na bliana 1865.[8] Cé gur chumann rúnda a bhí san IRB, bhí eolas an scéil go léir ag. an rialtas agus cuireadh na ceannairí i bpríosún. Ach d'éirigh leis na cimí na cosa a thabhairt leo, scéal dochreidte.[7]
D'éaliagh Mac Stiofáin agus d'fhill sé ar ais go Páras. D'fhan sé ann, a bheag nó a mhór, go dtí 1891.[5] Ach b'é Bráithreachas na bhFíníní a chuir tús le Éirí Amach na bhFíníní sa bhliain 1867. Réabhlóid mí-rathúil a bhí ann ón tús, áfach. Mar shampla bhí sé ag cur sneachta agus chuir sé seo isteach go mór ar an éirí amach. Theip orthu agus bhí an t-éirí amach thart taobh istigh de lá amháin. Ba bheag nár cuireadh deireadh leis na bhFíníní sa tír ag an am.
Chreid Mac Stiofáin go raibh trian d'Arm na Breataine ina mbaill de na Fíníní. Ach léirigh easpa tacaíochta nach raibh an meastachán sin réadúil.
D’fhill an Stiofánach ar Éirinn agus Baile Átha Cliath sa bhliain 1891; bhí sé ina chónaí ag 82 George's Avenue i gCarraig Dhubh, BÁC, agus le cuidiú ó Pharnell agus airgead ó mhuintir a chéile (na Hoppers, ina gcónaí i mBaile na Manach) ní raibh lá buartha air níos mó.[9]
Fuair sé bás tobann (taom croí b’fhéidir) ar 29 Márta 1901, 77 bliain d’aois.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.