ceimiceoir Éireannach (1809-1890) From Wikipedia, the free encyclopedia
Ceimicí a rugadh i mBaile Átha Cliath ab ea Robert Kane (24 Meán Fómhair 1809 - 16 Feabhra 1890). An chéad duine a thairg an eitil fhréamhaí, atá an-tábhachtach sa cheimic orgánach. Rinne sé amach modh chun alcól meitile a íonghlanadh. Rinne sé an chéad sintéisiú sa cheimic orgánach nuair a d'ullmhaigh an chomhdhúil chiorclach meiseitiléin ón gcomhdhúil líneach aicéatón. D'fhoilsigh sé an tuarascáil cháiliúil The Industrial Resources of Ireland (Acmhainní Tionsclaíochta na hÉireann, 1844), saothar ceannródaíoch chun maoin na tíre a chur chun cinn trí thionsclaíocht is fostaíocht a chothú. Scríobh sé Elements of Chemistry (Uraiceacht na Ceimice, 1840-1841), a raibh cáil is rath idirnáisiúnta air. Ceapadh é i 1845 ina stiúrthóir ar Mhúsaem nua Thionsclaíocht na hÉireann, a ndearnadh Coláiste Ríoga na hEolaíochta de i 1867 (agus Roinn an Taoisigh i 1990).[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Meán Fómhair 1809 Baile Átha Cliath |
Bás | 16 Feabhra 1890 80 bliana d'aois Baile Átha Cliath |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Scoil Leighis, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceimiceoir, scríbhneoir neamhfhicsin, dochtúir leighis |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Katherine Sophia Baily |
Páiste | Robert Romney Kane, Henry Coey Kane |
Gradam a fuarthas |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.