fisiceoir teoiriciúil Meiriceánach (1918-1988) From Wikipedia, the free encyclopedia
Fisiceoir ab ea Richard Phillips Feynman (11 Bealtaine 1918 – 15 Feabhra 1988.) Saolaíodh i Nua-Eabhrac é. Ba de bhunadh na nGiúdach ó oirthear na hEorpa a thuismitheoirí. Melville Feynman an t-ainm a bhí ar a athair, fear gnó ab ea é. Ba mhúinteoir cáilithe í a mháthair, darbh ainm Lucille Phillips.
Tógadh i Nua-Eabhrac é, rinne sé a bhunchéim in MIT (Massachusetts Institute of Technology) agus bhain sé a chéim dochtúra amach ó Ollscoil Princeton sa bhliain 1942. Bhí sé páirteach sa Tionscadal Manhattan a rinne an chéad bhuama adamhach sa bhliain 1945. Ceapadh é mar Ollamh le Fisic Theoiriciúil in Ollscoil Cornell sa bhliain 1945 agus sa bhliain 1950 d’fhág sé Cornell agus ghlac sé an post céanna in Caltech (California Institute of Technology).
Bronnadh Duais Nobel na Fisice air sa bhliain 1965 in éineacht le Sin-Itiro Tomonaga agus Julian Schwinger dá saothar ar leictridinimic chandamach.
Bhí sé ina cheann de na himscrúdaitheoirí oifigiúla tar éis thubaiste spástointeálaí Challenger.
Fuair a chéad bhean chéile bás de bharr eitinn sa bhliain 1945 agus phós sé faoi dhó arís. Bhí beirt pháistí aige lena tríú bean chéile Gweneth Howarth. Cailleadh é ar 15 Feabhra 1988, bhí ailse air.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.