From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá i gceist leis an murtall (nó otracht nó ró-raimhreacht uaireanta) ná raimhre a dhéanann dochar don tsláinte (úsáidtear an téarma ró-raimhre uaireanta). Is léir go bhfuil fadhb mhór in Éirinn leis an otracht nó an iomarca meáchain. Go domhanda, meastar go bhfuil ceithre oiread daoine (idir pháistí agus daoine fásta) a bhfuil fadhb otrachta acu, seachas mar a bhí ann sa mbliain 1990.[1]
Má bhíonn comhéifeacht maise na colainne (BMI) níos mó ná 30%, duine murtallach is ea é sin. Duine le BMI 25-30, is ramhar é mar thoradh ar charnadh iomarcach saille sa cholainn. Más luach BMI 20-25 atá ag duine, is duine an-chothrom é. Nuair is lú an BMI ná 20, is scáinteachán nó ocrach an duine.
Tarlaíonn murtall de bharr an iomarca bia a ithe de ghnáth, nó ráta íslithe meitibileachta a leanann galar faireogach nó lot san inchinn. Tuigtear go bhfuil gaol idir raimhre is easláinte colainne, agus ní annamh a fheictear galair croí, mar shampla, ar dhaoine ramhra.
Tá togracht ghéiniteach chun otrachta ag daoine áirithe.
Ar an meán, is mó an leibhéal galair is míchumais, is giorra an saol, agus is lú an táirgiúlacht i gcás duine i rang ar bith díobh seo, agus is mó an brú a chuireann siad ar an gcóras sláinte.
Dá bharr sin, moltar don té atá ramhar é féin a thanú. An modh díreach le sin a dhéanamh, ar ndóigh, ná srian a chur leis an ngoile.
De réir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, tá 20% de dhaonra an domhain ramhar nó murtallach, agus 20% eile ocrach. Tá míchothú ar 40% de dhaonra an domhain, gan dóthain cothú ag na hocraigh, gan dóthain cothú fholláin ag na ramhair is na murtallaigh.
Is ábhar imní é fadhb reatha na hotrachta i measc leanaí go háirithe.
In Éirinn tá thar 40% de na fir is thar 25% de na mná ramhar nó murtallach, níos mó ná 12% de na fir murtallach is 9% de na mná.
Maidir leis an dá rang seo, tá Éirinn i bhfad níos measa ná an meánráta ar fud an domhain.
D'fhoilsigh Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá an tuairisc McGovern, "Dietary Goals for the United States" ar an 14 Eanáir 1977.[2] Tuairiscíodh "is aicíd nach bhfuil ach ina tús fós í an ró-raimhre".[3]
Ach bhí an tionscal agraibhia in aghaidh na moltaí.[4] D'fhógair sé cogadh ar an tuairisc agus níor aontaíodh go gcaithfí rud éigin a dhéanamh ag an am. Is mar dheis a cailleadh a chuimhneofar ar an tuairisc McGovern.
Tá daoine ag tógáil na drugaí Wegovy (Ozempic) nó Rybelsus ar fud an domhain agus gan uathu ach meáchan a chailleadh.
Is i Meiriceá atá an fhadhb ba mhó otrachta ar domhan. Ach sna 2020idi, thosaigh an ráta ag ísliú den chéad uair riamh. Idir 2020 agus 2023 tháinig titim 2% ar an ráta otrachta thall. Meastar gur bhain go leor daoine úsáid as na drugaí saghas Wegovy agus go bhfuil 6% de na daoine i Meiriceá á n-úsáid in 2024.[1]
An duine atá ag éirí murtallach, deirimid i nGaeilge go bhfuil sé ag titim chun murtaill.
An duine a thitfidh chun murtaill, beidh a lán galar ag bagairt air, cosúil leis an taom croí agus diaibéiteas de chineál B, is é sin, diaibéiteas na scothaoise is na cnagaoise.[5]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.