From Wikipedia, the free encyclopedia
Ar 7 Deireadh Fómhair 2022, tharla eachtra thubaisteach sa Chraoslach,[1][2] Contae Dhún na nGall, nuair a maraíodh deichniúr i bpléascadh, a loit stáisiún breosla Applegreen agus bloc árasán in aice láimhe.[3] Timpiste a bhí ann.[4] Bhí an pléascadh chomh láidir sin go raibh sé le cloisteáil 5km ón láthair.[5]
| ||||
Cineál | pléascadh | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 7 Deireadh Fómhair 2022 | |||
Suíomh | An Craoslach, Éire | |||
Tír | Éire | |||
Cúis | pléascadh gáis | |||
Líon básanna | 10 | |||
Líon gortaithe | 8 | |||
Réab pléasc mhór ciúnas na sráide i mbaile an Chraoslaigh ag 3.17 san iarnóin, Dé hAoine 7 Deireadh Fómhair 2022. Scriosadh stáisiún breosla Applegreen agus foirgneamh eile sa phléasc, suite ar an mbóthar N56 .
Cuireadh tús le hoibríocht mhór cuardaigh agus tarrthála láithreach bonn. Bhí seirbhísí éigeandála ón dá thaobh den teorainn páirteach ann. Ghlac go leor daoine áitiúla páirt sa gcuardach freisin, as a ndeoin féin. Leanadh den oibríocht thar oíche.
Bliain amháin níos déanaí, ní raibh a fhios céard a tharla go díreach.[6] Sceitheadh gáis a bhí ann b'fhéidir. Ach dhírigh an timpiste aird arís ar shábháilteacht agus ar rialacháin sábháilteachta.
B'as an Chraoslach agus an ceantar máguaird do na mair[7]bh: cailín in aois bhunscoile, beirt déagóirí, ceathrar fear agus triúr ban. Maraíodh Catherine O'Donnell, a bhí 39 bliain d'aois agus a mac James Monaghan, trí bliana déag; Robert Garwe, 50 bliain d'aois agus a iníon Shauna Flanagan Garwe, cúig bliana d'aois; Leona Harper, 14; Jessica Gallagher, 24; James O'Flaherty, 48; Martin McGill, 49; Martina Martin, 49; agus Hugh Kelly a bhí 59 bliain d'aois.[8]
Tugadh ochtar go dtí Ospidéal na hOllscoile, Leitir Ceanainn i ndiaidh an phléasctha. Aistríodh duine amháin a gortaíodh go dtí Baile Átha Cliath ar héileacaptar de chuid an Gharda Cósta.
Dúirt an tUachtarán Michael D. Higgins go ndeachaigh an tragóid i bhfeidhm ar chuile dhuine sa phobal áitiúil, agus ar fud na tíre.[5][9][10]
Bhí an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar agus Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald i measc na ndaoine a d'fhreastail ar shearmanas i gcuimhne na marbh Dé Sathairn, 8 Deireadh Fómhair. Luaigh Micheál Martin an méid tacaíochta a tugadh láithreach do na seirbhísí éigeandála ón bpobal áitiúil.[5]
Ar an 22 Márta 2024, bhí beirt fhear gafa i dtaca le fiosrúchán an Gharda Síochána faoi thragóid an Chraoslaigh.[11]
Ar an 27 Bealtaine 2024, gabhadh fear agus bean a bhfuil cúiseanna á gcur ina leith a bhaineann le sárú a dhéanamh ar an Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997. Ansin scaoileadh saor iad gan a bheith cúisithe in aon chion.[12]
Ar an 24 Meán Fómhair 2024, d'iarr dlíodóir, ag gníomhú ar son na dteaghlach, fiosrúchán poiblí nó coimisiún imscrúdúcháin. a bhunú faoin tubaiste.[13]
In 2024, bhí an comhlacht Vivo Shell Teoranta ag lorg cead pleanála le foirgneamh úr a thógáil ina mbeidh Siopa, Oifig an Phoist, Deilí, Eischeadúnas, Ionad Storála, Leithris, Áiseanna Breosla, áit storála do thancanna agus do chaidéil chomh maith le spás do ghairdín cuimhneacháin. [14] Ach fuair an Chomhairle Contae 27 aighneacht ón bpobal ag cur in éadan an chead pleanála in 2024. Bhí cuid de theaghlaigh na marbh ina measc siúd a chuir ina éadan. Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh tuilleadh eolais ar an gcomhlacht sula ndéanfar aon chinneadh.[15]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.