breitheamh Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Breitheamh is ea Peter Charleton (a rugadh ar 27 Márta 1956), ceaptha ar an gCúirt Uachtarach i mí Iúil 2014.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 27 Márta 1956 68 bliana d'aois Caisleán Cnucha, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | breitheamh, abhcóide |
Is as Baile Átha Cliath dó
Chuir Charleton tús lena chleachtas ag an mBarra i 1979 agus bhain sé céim amach i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1980.
Ó 1986 go 1988 bhí Charleton mar léachtóir i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. I 1995, glaodh chun barra sinsear é.
Ón bhliain 2002, d'oibrigh sé mar abhcóide ag an Bhinse Fiosrúcháin Morris (fiosrúchán reachtúil bainteach le caimiléireacht sa Gharda Síochána).
Ceapadh Charleton mar Bhreitheamh den Ard-Chúirt sa bhliain 2006. Bhí cúram air, go príomhá, maidir leis an liosta tráchtála.
Foilsíodh ailt scríofa ag Charleton in iomaí iris, ina measc, An Iris Idirnáisiúnta um Dlí agus Teaghlaigh, Bliainiris An Coimisiúin Idirnáisiúnta Dlí-Eolaithe, Dlí agus Polasaithe um Maoine Intleachtúla, An Irish um Dlí Coiriúil, An tAthbhreithniú um na Barra, Irish an Institiúid um Staidéar Breithiúnach na hÉireann, An Iris um Dlí na hÉireann, Iris Cumann Dlí na hÉireann agus An Iris um Dlí Coiriúil na hÉireann.
Scríobh Charleton an-chuid ar an dlí coiriúil, mar shampla Irish Criminal Law (1999, Butterworths, le McDermott agus Bolger), agus leabhar ag déanamh anailís ar féinscrios an chine dhaonna, Lies in a Mirror: An Essay on Evil and Deceit (Blackhall Publishing, 2006). Chuir sé páipéir i láthair ag comhdhálacha, ina measc, Le Colloque Franco Brittanique Irlandais i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath, Ollscoil Fordham, Nua-Eabhrac, agus Ollscoil na hEolaíochta Polaitiúla agus Dlí i Beijing, agus, go seachtrach, do Scoil Dlí Fordham, Scoil Dlí Chicago-Kent, Ollscoil Washington agus L'Institut national des hautes études de la sécurité et de la justice.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.