From Wikipedia, the free encyclopedia
San Aontas Sóivéadach sna 1980idí, chiallaigh peireastráice (Rúisis: перестройка, Béarla: perestroika) 'athstruchtúrú an gheilleagair Shóivéadaigh trí thabhairt isteach níos mó polasaithe ar an mhúnla iartharach.[1]
Lipéad sa teanga dhúchais | (ru) перестро́йка | ||
---|---|---|---|
Cineál | leasú | ||
Tréimhse | 1987 - 1991 | ||
Tréimhse ama | 1980idí agus 1990idí | ||
Tír | an tAontas Sóivéadach | ||
Rannpháirtí | |||
Bhí a fhios ag Míchail Gorbaitseov, ceannaire an Aontais Shóivéadaigh, sna 1980idí, go gcaithfeadh an APSS athrú ó bhun, idir chúrsaí polaitiúla agus chúrsaí eacnamaíocha, dá mb’áil leis fanacht beo. Spreag Gorbaitseov an pobal fosta, áfach, cáineadh cruthaitheach a dhéanamh ar an chóras chumannach .[1]
B'é an focal peireastráice (agus "gleasnast") a tharraing Gorbachev chuige ag iarraidh a chuid leasuithe a shainmhíniú. Bhí na coincheapanna seo lárnach maidir le tuiscint a fháil ar an Rúis sna 1980idí.[2] D'athraigh an saol san Aontas ag an am, agus baineadh srianta na cinsireachta de na meáin chumarsáide, ionas go bhfuair muintir an Aontais cead cainte.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.