Oileán sa Chairib is ea Pórtó Ríce (Puerto Rico). Is Comhlathas de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá é, ó ghlac an tír sin seilbh air ag deireadh an 19ú haois. Reáchtáladh reifrinn éagsúla ar stádas an oileáin, an ceann deireanach timpeall 1995, agus ba é an toradh ná gur fhan an t-oileán sa chomhlathas le SAM
(es) Estado Libre Asociado de Puerto Rico (en) Commonwealth of Puerto Rico (tnq) Borinquen | |||||
Cineál | Críoch neamhchorpraithe, críoch oileánach, aonán críochach polaitiúil, province of Spanish America (en) , réigiún cultúrtha, críoch de chuid na Stát Aontaithe agus comhlathas | ||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Pórtó Ríce agus San Juan | ||||
Cuid de | Meiriceá Easpáinneach na hAintillí Móra Meiriceá Laidineach Oileáin Mhuir Chairib Muir Chairib SAM Muir Chairib | ||||
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúil | Muir Chairib | ||||
Suíomh | |||||
Mór-roinn | Meiriceá Thuaidh | ||||
Limistéar riaracháin | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
| |||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach agus Muir Chairib | ||||
Tréithe | |||||
Pointe is ísle | Muir Chairib | ||||
Pointe is airde | Cerro de Punta (en) (1,338 m ) | ||||
Achar | 9,104 km² | ||||
Stair | |||||
Croineolaíocht | |||||
23 Meán Fómhair 1868 | Grito de Lares (en) | ||||
1898 | Cogadh Spáinn-Mheiriceánach | ||||
Spéirling Maria | |||||
7 Eanáir 2020 | 2020 Puerto Rico earthquake (en) | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Dáta a bunaíodh | 1898 | ||||
Suíomh gréasáin | pr.gov | ||||
Tá tuairim is 4 mhilliún duine ina gcónaí san oileán. Tá siad i dteideal dul ag obair agus socrú síos sna Stáit Aontaithe agus tairbhe a bhaint as cearta eile saoránachta. Is í San Juan príomhchathair an oileáin.
Tíreolaíocht
Díomaite den phríomhoileán, Oileán Phórtó Ríce, tá dornán oileán eile ann ar cuid den chomhlathas iad, is é sin, Vieques, Culebra, Mona, Desecheo, agus Caja de Muertos, chomh maith lena lán oileán níos lú ná na cinn seo. Is iad Vieques agus Culebra an t-aon dá oileán acu siúd a bhfuil cónaí ar dhaoine iontu fud fad na bliana. Tír shléibhtiúil atá ann, agus an sliabhraon is mó, La Cordillera Central nó an Raon Láir, ar an sliabhraon is mó. Tá Cerro de Punta, an sliabh is airde in Oileán Phórtó Ríce, suite sa raon seo. Tá San Juan, an phríomhchathair, ar an gcósta thuaidh.
Stair
Bhunaigh na Spáinnigh an chéad choilíneacht in Oileán Phórtó Ríce go luath i ndiaidh fhionnachtain an Oileáin Úir. Tháinig Colambas anseo an chéad uair sa bhliain 1493, ar an dara cuairt a thug sé ar Mheiriceá. San am sin, bhí bundúchasaigh ar an oileán a raibh teanga den fhine úd Arawak á labhairt acu, agus is é an t-ainm a bhí acu féin ar an oileán ná Boriken nó - mar a dúirt lucht labhartha na Spáinnise - Borinquén. Inniu féin, tugann na Pórtó Rícigh Borinquén ar a n-oileán i gcomhthéacs an tírghrá, agus is é La Borinqueña, nó Amhrán Borinquén, an t-amhrán náisiúnta.
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.