Pápa ó 1846 go 1878 From Wikipedia, the free encyclopedia
Bhí Pius IX Beannaithe (Iodáilis: Pio Nono) mar dhuine de na pápaí ar an Eaglais Chaitliceach is conspóidí riamh (13 Bealtaine 1792 – 7 Feabhra 1878). Chaill sé Stáit an Phápa nuair a ghabh Giuseppe Garibaldi an Iodáil sa bhliain 1870.
(1875) | |
Ainm sa teanga dhúchais | (la) Pius PP. IX |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (it) Giovanni Maria Battista Pietro Pellegrino Isidoro Mastai-Ferretti 13 Bealtaine 1792 Senigallia (Stáit an Phápa) |
Bás | 7 Feabhra 1878 85 bliana d'aois an Pálás Aspalda (Ríocht na hIodáile) |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach) |
Áit adhlactha | Tomb of Pius IX (en) |
255 Pápa | |
16 Meitheamh 1846 – 7 Feabhra 1878 ← Pápa Greagóir XVI – Pápa Leo XIII → | |
Cairdinéal-sagart Santi Marcellino e Pietro (en) | |
14 Nollaig 1840 – 7 Feabhra 1878 ← Giacomo Giustiniani (en) – Gaetano Baluffi (en) → | |
Roman Catholic Bishop of Imola (en) | |
17 Nollaig 1832 – 21 Meán Fómhair 1846 ← Giacomo Giustiniani (en) – Gaetano Baluffi (en) → Deoise: Deoise Chaitliceach Imola | |
Ard-Easpag Spoleto | |
3 Meitheamh 1827 – ← Mario Ancaiani (en) – Ignazio Giovanni Cadolini (en) → Deoise: Archdiocese of Spoleto (en) | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Phontaifiúil Ghréagóra |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | An Róimh Stáit an Phápa |
Gairm | sagart Caitliceach (1819–), taidhleoir |
Teangacha | An Iodáilis agus an Laidin |
Ord crábhaidh | Proinsiasaigh |
Coisreacan | Pápa Pius VIII |
Ardú | |
| |
Lá féile | 7 Feabhra |
Ghlac sé/sí páirt i | |
8 Nollaig 1869 | An Chéad Comhairle Vatacáine |
1846 | comhthionól cairdinéal 1846 |
Eile | |
Teideal uasal | Cunta |
Teaghlach | Mastai family (en) |
Céile | luach ar iarraidh |
Athair | Conte Girolamo Mastai Ferretti agus Caterina Solazzi |
D'fhógair an Chéad Comhairle Vatacáine nach ndéanfadh an Pápa faillí agus é ag labhairt ex cathedra ar ábhar creidimh.
Rugadh Giovanni Maria Mastai-Ferretti i Senigallia san Iodáil in 1792. Oileadh é mar shagart agus bhí sé ag obair sa tSile agus Peiriú sular fhill sé ar ais ar an Iodáil mar Ardeaspag Spoleto in 1827. Ceapadh é mar Easpag Imola (a bhí i bhfad níos tábhachtaí ná Spoleto) agus cairdinéal in 1839.
Tógadh Mastai-Ferretti mar Phápa in 1846 tar éis bháis Ghreagóir XVI. Bhí cáil air mar liobrálaí ag an am. Ghlac sé an cairdinéal liobrálach, Gizzi, mar Rúnaí Stáit.
Nuair a rinne na náisiúnaí Iodáileacha ionsaigh ar an Róimh in 1848, bhí ar an bpápa éalú ón Róimh. Tháinig sé ar ais le mheon athraithe, agus fís fíor-choimeádach aige.
I 1860 ghabh Garibaldi mórchuid de críocha an Phápa, am a bhí aontú na hIodáile ar siúl. Ghabh an Ríocht Iodálach an Róimh agus Stáit an Phápa. Ó shin i leith, chuir Pius IX 'príosúnach na Vatacáine' air féin. Thosaigh mór-fhadhbanna ansin le Poblacht nua na Fraince agus Impireacht na Gearmáine tar éis do Bismarck an Kulturkampf a cuir i bhfeidhm. Ba léir nach raibh an meas céanna ar na mór-chumhachtaí ar an bPápa níos mó.
In 1854, d'fhógair sé go raibh Muire gan smál mar dhogma Caitliceach. In 1864, d'fhógair sé an Syllabum Errorum, a chuir síos earráidí na nua-aoise.
In 1869, ghlaoigh sé an Chéad Comhairle Vatacáine; d'fhógair a Chomhairle go mbeadh an Pápa saor ó earráide nuair a labhair sé ex cathedra (ón gcathaoir) ar ábhair chreidimh nó morálta.
Cheap Pius IX Pól Ó Cuilinn, Ard-easpag Átha Cliath, mar an chéad cairdinéal Éireannach i stair na heaglaise.
Scríobh Pius IX an imlitir Praedecessores nostros sa bhliain 1847.[1] Bronnadh airgead ar charthanacht in Éirinn gus an Gorta Mór faoi lán seoil.
Cháin Pius IX na "Godless colleges" (Queens) in Éirinn ag an am.[2] Scríobh sé an imlitir, Optime noscitis (Catholic University of Ireland) a tháinig amach ar 20 Márta 1854.
Fuair an Pápa Pius IX bás i 1878. Chaith sé níos mó ná 31 bhliain mar phápa. Tháinig Leo XIII i gcomharbacht air.
Rinne Eoin Pól II beannú ar Pius IX sa bhliain 2000, gníomh conspöideach ag an am.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.