From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ospidéal poiblí réigiúnda Éireannach é Ospidéal Ginearálta Naomh Lúcás, Cill Chainnigh (Béarla: St. Lukes Hospital Kilkenny Hospital nó SLK agus Kilkenny General Hospital agus Kilkenny District Hospital uaireanta) a fhreastalaíonn ar phobal Cheatharlach, Chill Chainnigh is cuid de phobal Thiobraid Árann. Tá sé lonnaithe i gCill Chainnigh agus bunaíodh sa bhliain 1942 é. Tá seirbhísí Rannóg Éigeandála 24 uaire ann. Sa bhliain 2007 bhí breis is 880 fostaithe ag an ospidéal. Tá sé nasctha le coláistí éagsúla agus bíonn ábhair dochtúirí is altraí ag traenáil ann.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | ospidéal |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1942 |
Gníomhaíocht | |
Líon leapacha | 285 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Máthaireagraíocht | Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte |
Suíomh gréasáin | http://www.ul.ie/gems/st-lukes-general-hospital-kilkenny |
Tá 285 leaba san ospidéal. Déantar freastal ar na réimsí leighis seo a leanas ann; leigheas ginearálta, máinliacht ghinearálta, geiriaitric, Rannóg Éigeandála, inchrineolaíocht, cúram maolaitheach, cúram corónach, oinceolaíocht, réamaiteolaíocht, obstatraic, gínéiceolaíocht, péidiatraic, síciatracht agus máinliacht lae.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.