imreoir póló uisce From Wikipedia, the free encyclopedia
Imreoir póló uisce ón Ungáir agus snámhaí saorstíle ab ea Olivér Halassy (31 Iúil 1909 – 10 Meán Fómhair 1946) a bhí san iomaíocht ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh in 1928, 1932 agus 1936.
Fágadh Halassy ar leathchos nuair a bhuail traein é agus é 11 bhliain d’aois. Ba é an chéad snámhaí teascach a ghlac páirt sna Cluichí Oilimpeacha. Bhí sé ina bhall d’fhoirne póló uisce na hUngáire a ghnóthaigh bonn airgid amháin agus dhá bhonn óir in 1928, 1932 agus 1936. D’imir sé gach cluiche sna comórtais sin, agus scóráil sé trí, aon déag, agus sé chúilín, faoi seach.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.