Iománaí den scoth ab ea Nioclás Mac Riocaird, nó Nicholas "Nicky" Rackard (28 Aibreán 1922 - 10 Aibreán 1976). Sár-imreoir a bhí ann, é ag imirt ina thosaí (ag uimhir a haon déag) san fhoireann iomána Loch Garman sna 1940idí agus 1950idí.
Beathaisnéis | ||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 28 Aibreán 1922 Cill Anna, Éire | |||||||||||||||||||
Bás | 10 Aibreán 1976 53 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire | |||||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | ||||||||||||||||||||
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath | |||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | ||||||||||||||||||||
Gairm | imreoir peile Gaelaí, iománaí, tréidlia | |||||||||||||||||||
Spórt | iomáint peil Ghaelach | |||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
|
Cuimhnítear Mac Riocaird mar dhuine de na himreoirí ab fhearr sa spórt riamh[1], agus é an scórálaí is fearr i gCraobh Iomána Sinsearach na hÉireann; scóráil sé 59 cúl.[2]
Is mar pheileadóir ab fhearr aithne ar Rackard ag tús na 1940idí.
San iománaíocht, d’imir Rackard 36 cluiche craoibhe idir 1940-1957. San achar ama sin, scóráil sé 59 cúl.[3]
Ag an am bhí iománaithe an chontae in umar na haimléise agus níor bhuaigh sé féin a chéad bhonn cúige san iomáint go dtí 1951. Fuaireadar greadadh ceart ó Thiobraid Árann i gcluiche ceannais na hÉireann an bhliain chéanna. Chailleadar a gcoróin chúige i 1952 ach bhuadar ar ais arís í i 1953. I gcluiche ceannais an chúige an lá sin scóráil Rackard 5-5 as an 8-15 a fuair na Carmannaigh. Tar éis chluiche leathcheannais na hÉireann i gcoinne Aontroma, bhí 7-7 i lúibíní i ndiaidh a ainm ag deireadh na himeartha. Ach theip orthu arís sa chluiche ceannais, i gcoinne Chorcaí an uair seo.[3]
An bhliain dár gcionn d’éirigh le Loch Garman agus na deartháireacha Rackard (Nicky, Bobby agus Billy) Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt leo i gcoinne na Gaillimhe.
Agus i 1956 bhuaigh siad an chraobh arís nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chorcaigh. Sa chluiche sin tógadh ceann de mhórghrianghrafanna na hiománaíochta, pictiúr ina raibh Nick O’ Donnell agus Bobby Rackard as Loch Garman á fhéachaint le Christy Ring san aer.
An bhliain ina dhiaidh sin d’éirigh Rackard as an iomáint idirchontae nuair a chaill Loch Garman craobh an chúige.[3]
Tháinig ailse scornaí ar Rackard agus d'éag ar 10 Aibreán 1976, in aois 53 bliain d’aois dó. Bhí sé ag obair le Alcólaigh gan Ainm ag an am;
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.