From Wikipedia, the free encyclopedia
Grúpa eitneach iad na Máighigh[1] a raibh sibhialtacht fhorbartha acu san áit a bhfuil stáit dheisceartacha Mheicsiceá inniu, is é sin, Chiapas, Tabasco agus stáit Leithinis Yúcatan, mar atá, Yucatán, Quintana Roo, agus Campeche. Ba iad na Máighigh an t-aon sibhialtacht bhundúchasach amháin i Meiriceá Theas ar éirigh léi teanga scríofa a fhorbairt, de réir dealraimh.
Cineál | sibhialtacht, stíl, cultúr, grúpa, sibhialtacht ársa agus ré réamh-Cholómach |
---|---|
Tréimhse | 2 mílaois "RCh" - 1521 |
Ó dhúchas | leithinis Yucatán |
Ilchríoch | Meiriceá Láir |
Tá clú agus cáil ar réalteolaíocht, ealaín agus ailtireacht na Máigheach chomh maith. Bhí na Máighigh i síortheagmháil le sibhialtachtaí eile an réigiúin, agus níorbh iad féin a chéadcheap an scríbhneoireacht ná an féilire ansin, ach rinne siad an-fhorbairt ar na bunsmaointe a fuair siad ó na sibhialtachtaí eile.
Is follasach go ndeachaigh sibhialtacht na Máigheach féin i bhfeidhm ar na grúpaí eitneacha eile, nó is féidir tionchar na Máigheach a aithint i Lár Mheicsiceo, sa tSalvadóir, i Hondúras agus i nGuatamala- na céadta ciliméadar ó lárcheantar an chultúir Mháighigh.
Tháinig sibhialtacht na Máigheach i gcrann sa tréimhse réamh-Chlasaiceach ó 2000 RC go 250 AD, agus ba iad na blianta ó 250 AD go 900 AD bláth Clasaiceach na Máigheach. San ochtú agus san naoú haois, áfach, thosaigh an tóin ag titim as an tsibhialtacht Mháigheach i ndeisceart an réigiúin. Is dealraitheach gur rith an bia gann ar na Máighigh ansin ar chúiseanna éiceolaíochta - b'fhéidir go raibh na Máighigh i ndiaidh an iomarca foraoise a leagan, rud a chuir an aeráid ó mhaith ar na barraí - agus gur thréig siad na cathracha ar lorg bia. Mar sin féin, mhair iarsmaí na sibhialtachta seo i dtuaisceart Yúcatan go dtí gur tháinig na Spáinnigh ag forghabháil na hilchríche.
Labhraítear teangacha Máigheacha sa réigiún i gcónaí, agus aithne agus tuiscint cuíosach maith ag na saineolaithe ar na teangacha seo. Dealraíonn sé gur fhorbair na teangacha seo go léir as aon teanga amháin, an Phróta-Mháighis, a bhí á labhairt cúig mhíle bliain ó shin. Má thagraítear don "Mháighis" mar aon teanga amháin inniu, is éard a bhíonn i gceist léi ná an teanga Yucatec, agus í le cloisteáil i Leithinis Yúcatan.[2][3]
Sa bhliain 2006 rinne Mel Gibson scannán faoi laethanta deireanacha na sibhialtachta Máighí roimh theacht na Spáinneach, faoin teideal Apocalypto. Ba í an teanga Yucatec an t-aon teanga a bhí le cloisteáil ar an scannán, agus fotheidil ag dul leis an gcomhrá. Bhí na léirmheastóirí idir eatarthu faoin scannán. Dúirt cuid acu go raibh an-chraiceann fírinne ar an scannán, ach fuair an chuid eile locht ar an gcur síos a thug an scannán ar íobairt na ndaoine: bhí sé ní ba chosúla le nósanna na nAstacach, dar leo.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.