Remove ads
ceoltóir Sasanach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ceoltóir Sasanach é Steven Patrick Morrissey (Morrissey ar a dtugtar de ghnáth) a rugadh i nDavyhulme, Manchain ar an 22 Bealtaine 1959, mac le tuismitheoirí Éireannacha. Tháinig sé ar mbéal an phobail sna hochtóidí, nuair a bhí sé ina phríomhscríbhneoir agus amhránaí don ghrúpa rac malartach The Smiths. Bhí an-rath ar an ngrúpa i Sasana ach bhris siad suas i 1987 agus lean Morrissey ar aghaidh gan iad. Deirtear go rialta go raibh sé cheann de na daoine is tábhachtaí i bhforbairt an rac malartach ag an am seo. Is duine follasach é chomh maith agus bíonn a thuairimí conspóideach go minic maidir le cearta ainmhí agus ciníochas, i measc nithe eile.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Steven Patrick Morrissey 22 Bealtaine 1959 65 bliana d'aois Davyhulme, England |
Faisnéis phearsanta | |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Poblachtachas sa Ríocht Aontaithe, Eoraisceipteach, cearta ainmhithe, frith-imirce agus coimeádachas cultúrtha |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Trafford |
Gníomhaíocht | |
Gairm | cumadóir, amhránaí is scríbhneoir, file, amhránaí, dírbheathaisnéisí |
Tréimhse oibre | 1977 – |
Ball de pháirtí polaitíochta | Ar Son na Breataine |
Ball de | |
Seánra | Rac malartach, jangle pop (en) , rac indie agus pop indie |
Faoi thionchar | |
Ainm cleite | Morrissey |
Teangacha | Béarla |
Cineál gutha | Baratón |
Uirlis | Pianó agus ceol gutha |
Lipéad ceoil | Decca Records Island Records His Master's Voice |
Gradam a fuarthas | |
|
I 2008, sheol Morrissey a cheirnín Greatest Hits.
Rugadh agus tógadh Morrissey i Manchain. Is as Baile Átha Cliath iad a thuismitheoirí, Peter Morrissey agus Elizabeth Dwyer. Chuaigh siad ar imirce sular rugadh Steven i 1959.
Nuair a bhí sé óg, thosaigh Morrissey ag éisteacht le hamhránaithe baineann cosúil le Dusty Springfield, Sandie Shaw, Marianne Faithfull and Timi Yuro. Chomh maith leis sin, bhí suim aige i sraithscéal teilifíse 'kitchen sink', scannáin réalaíoch, an t-aisteoir James Dean agus na scríbhneoirí Oscar Wilde and Shelagh Delaney. Chomh maith leis sin, tharla na "Moors Murders" ag an tráth seo: ghoid, bhraith gnéasach agus mharaigh Ian Brady and Myra Hindley thriúr páistí agus beirt déagóirí ó Manchain idir mí Iúil 1963 agus Deireadh Fómhair 1965. Mar sin, tháinig tráma mhór ar an Morrissey óg ag an am seo toisc go raibh eagla air.
Nuair a bhí sé ina dhéagóir, bhí sé láidir agus ní chuir na buachaillí dána Morrissey ar a thóin. É sin ráite, bhí uaigneas agus dúlagar air agus thug na dochtúirí leigheas speisialta dó. Lean sé caitheamh aimsire seo ar aghaidh i rith a shaoil faraor. D'fhreastail sé St. Mary's Secondary Modern School agus Stretford Technical School, agus fuair sé torthaí de na trí "O-Levels" (Béarla Litríocht san áireamh). Ina dhiaidh sin, d'oibrigh sé le Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim ar feadh tamall ach ní aontaítear leis an post seo leis agus chuaigh sé ar an "dole".
Dúirt Morrissey le déanaí go raibh dada aige le linn a óige ach popcheoil: bhí sé fite fuaite leis. Scríobhadh sé litreacha chuig na irisí ceoil (NME, Melody Maker agus araile) go rialta agus labhair sé a intinn i gcónaí. Chuaigh sé chuig na ceolchoirmeacha freisin, T-Rex ag an gcéad dul síos i 1972.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.