amhránaí agus cumadóir Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia
Amhránaí Meiriceánach agus "rí an cheoil Soul" ab ea Marvin Pentz Gay, Jr (2 Aibreán 1939 - 1 Aibreán 1984).
(1973) | |
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Marvin Pentz Gaye, Jr. |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (en) Marvin Pentz Gay, Jr. 2 Aibreán 1939 Washington, D.C. |
Bás | 1 Aibreán 1984 44 bliana d'aois Ostend, An Bheilg |
Siocair bháis | Dúnbhású (Tráma balaistíoch) |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Marvin Gaye |
Grúpa eitneach | Meiriceánaigh Afracacha |
Reiligiún | Cincíseachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | William Syphax School (en) Ardscoil Spingarn Ardscoil Shóisearach Randall Cardozo Education Campus (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, pianódóir, amhránaí is scríbhneoir, léiritheoir ceirníní, cumadóir amhrán |
Tréimhse oibre | 1959 – 1984 |
Ball de | |
Seánra | Anamcheol, popcheol, ceol rithim agus gormacha agus func |
Faoi thionchar | |
Teangacha | Béarla |
Cineál gutha | Teanóir |
Uirlis | Ceol gutha, pianó, druma, cnaguirlis agus clairinéad |
Lipéad ceoil | Motown Columbia Records |
Ealaíontóirí gaolmhara | Tammi Terrell |
Teaghlach | |
Céile | Anna Gordy Gaye (1963–1977) |
Páiste | Nona Gaye, Marvin Gaye III |
Athair | Marvin Gay Sr. agus Alberta Gay |
Siblín | Frankie Gaye |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | marvingaye.net |
|
Ceoltóirí agóide ab ea scata de na ceoltóirí ab aitheanta le céad bliain anuas, agus Marvin Gaye ina measc, mar shampla "What’s Going On?" le Marvin Gaye.[1][2][3]
Bhí Gaye ag impí orainn a bheith níos freagraí i dtaobh cúrsaí timpeallachta, mar shampla ‘Mercy Mercy Me (The Ecology)’.[4]
Maraíodh Gaye; is é a athair féin a scaoil urchair leis.[5] Chaith athair Marvin go holc lena bhean. Ar an 1 Aibreán 1984, bhí a thuistí ag argóint lena chéile agus chuir Marvin a ladar isteach. Chonaic an mháthair a mac ag fáil bháis os comhair a dá shúil.
Tá úinéirí an chóipchirt den amhráin de chuid Marvin Gaye an-tugtha don dlí.
Sa bhliain 2018, fuair giúiré amach gur sháraigh an t-amhrán 'Blurred Lines', de chuid Pharrell Williams and Robin Thicke, cóipcheart an amhráin Marvin Gaye, ‘Got to Give it Up’.[6][7]
Ach ba chás cúirte eile é a bhí go mór i mbéal an phobail. Ba iad oidhrí Ed Townsend, a chomhscríobh an t-amhrán ‘Let’s Get It On’ le Marvin Gaye, a thug cás in aghaidh Sheeran go dtí an chúirt, ar dtús sa bhliain 2016, agus arís sa bhliain 2018.
Thug Ed Sheeran fianaise gur cumadh a amhrán 'Thinking Out Loud' le linn seisiún comhoibríoch scríbhneoireachta lena chomhscríbhneoir Amy Wadge. Bhí ceoleolaí an ghearánaí ag rá go raibh na cordaí “beagnach inmhalartaithe” agus an ceoleolaí a bhí ag gníomhú do Ed Sheeran ag áitiú gur úsáideadh an seicheamh cordaí céanna i roinnt amhrán eile seachas amhrán Sheeran. Bhuaigh Sheeran na cásanna, an ceann deireanach sa bhliain 2023.[8][7]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.