From Wikipedia, the free encyclopedia
Titeann Lá Domhanda na mBeach ar an 20 Bealtaine gach bliain. Is lá é seo chun béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le beacha.
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) World Bee Day |
---|---|
Cineál | lá idirnáisiúnta |
Ainmnithe in ómós | Beach |
Comóireann sé | Apis mellifera |
Bailíocht | 20 Nollaig 2017 - |
Lá | 20 Bealtaine |
Tréimhse | 2018 - |
Príomhábhar | Beach |
Eagraí | na Náisiúin Aontaithe |
Anton Janša | |
Suíomh gréasáin | un.org… |
Haischlib | #WorldBeeDay |
Tá beacha na hÉireann i mbaol mór – agus leis sin, tá an córas bia agus beatha féin i mbaol.[1] Tá 90 speiceas beach dúchasach in Éirinn, ach tá an tríú cuid díobh i mbaol a dhíothaithe. Agus mura bhfuil beacha ann le plandaí a phailniú, tá an baol ann go dtitfidh ár gcóras bia ina iomláine as a chéile.
Seoladh an Plean Uile-Éireann um Pailneoirí sa bhliain 2015.[1]
Sa bhliain 2019, d’fhógair Rialtas na hÉireann an tionscnamh “Coinnigh Coirceog, cuidigh leis an mbeach mheala”.[2] Féachtar leis an tionscnamh seo úinéirí foraoise a spreagadh chun an bheach mheala a thabhairt isteach sa choillearnach dhúchasach i gcomhar le Coillearnach Éireann agus na cumainn náisiúnta bheachairí. Bhí Cumann Bheach Mheala Dhúchasach na hÉireann freisin ag tacú leis an tionscnamh.
Dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn sa bhliain 2019, cuirtear Lá Domhanda na mBeach i gcuimhne dúinn chomh tábhachtach is atá beacha agus pailneoirí eile inár ndomhan idirspleách agus an gá le cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe agus bainistíocht fál sceach a chur chun cinn mar aon leis an gcaoi gur féidir linn ar fad cabhrú trí thimpeallacht oiriúnach a chothú agus a chur ar fáil dár mbeacha.[3]
Braitheann an cine daonna ar phailneoirí. Tá siad ríthábhachtach don slabhra bia domhanda. Ach caithfimid a admháil gur chuir ár ngníomhaíochtaí – lena n-áirítear cleachtais feirmeoireachta, uirbiú, bainistíocht talún, truailliú comhshaoil agus an ghéarchéim aeráide – ár ndomhan feithidí i mbaol géar.[3]
Mar sin inniu, úsáidfimid Lá Domhanda na mBeach chun eolas agus feasacht ar an tábhacht a bhaineann leis an domhan beo a mhéadú agus a scaipeadh, agus déanfaimid tiomantas do ghníomhaíocht ar leith lena chinntiú go mairfidh gach speiceas beacha agus pailneora na hÉireann.[3]
Tá 7̤̬% den bhia an domhain ag brath ar na beacha[4], mar shampla trátaí agus sútha talún. Tá na beacha tábhachtach toisc go dtógann siad pailin ó bhláth go bláth agus iad ag eitilt timpeall.[5]
Rugadh an beachaire Anton Janša ar an 20 Bealtaine 1734.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.