ban-aisteoir Meiriceánach (1911–1989) From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba bhan-aisteoir agus fuirseoir Meiriceánach í Lucille Désirée Ball (6 Lúnasa 1911 – 26 Aibreán 1989). Bhain sí clú agus cáil amach mar gheall ar na cláir I Love Lucy (sna 1950idí), The Lucy Show (sna 1960idí), agus Here's Lucy (1968-1974).
In aois a 17, d'éirigh sí ina mainicín faisin í i Nua Eabhrac. Bean dhonn, d'ordaigh a stiúideo, Hattie Carnegie, dath rua a chur ina cuid gruaige. Bhí a cuid gruaige cóirithe go haoibhinn i gcónaí, a saintréith par excellence an chuid eile dá saoil.
Áilleagán a bhí inti ar an aer, ach sa saol bhí sí críonna i mbun gnó i ndáiríre. Bhí sí i mbun Desilu (Paramount Television níos déanaí) sna 1960idí, stiúideo a léirigh The Untouchables, Star Trek, Mission: Impossible, srl.
Sa bhliain 1986, bhí páirt mhór aici in 1986 sa sraith, Life with Lucy, ach clár lagmheasartha a bhí ann ag an am. Fuair sí bás trí bhliain níos déanaí, ar an 26 Aibreán 1989 agus in aois 77 bliain di. Bhí an tsláinte go dona aige ag deireadh a saoil. Bhuail ainéaras i bhfréamh an aorta í (bhí sí trom ar an tobac le linn a saoil).
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.