polaiteoir Príomh-Aire na Breataine (1863–1945) From Wikipedia, the free encyclopedia
Státaire Briotanach ab ea David Lloyd George, an Chéad Iarla Lloyd-George Dhwyfor, OM, PC (17 Eanáir 1863 – 26 Márta 1945).
B'eisean an Príomh-Aire Liobrálach deireanach ar an Ríocht Aontaithe, ó 1916 - 1922, an t-aon Phríomh-aire ar an Ríocht Aontaithe, as an mBreatain Bheag agus an t-aon aturnae riamh go nuige seo a ndearnadh Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe de.[1]
Tugadh "The Welsh Wizard" (Draoi na Breataine Bige) air mar gheall ar a chumas mar pholaiteoir.
Rugadh David Lloyd George 17 Eanáir 1863 i dteaghlach ina labhraítí an Bhreatnais.
Tar éis dó cáiliú mar aturnae sa bhliain 1884, tharraing Lloyd George aird an phobail go tapa, go háirithe mar chosantóir do chearta na Neamhaontach.
Lean sé ag dlíodóireacht ar feadh blianta fada i ndiaidh an chéad uair a toghadh é, i ndiaidh na bliana 1897 i gcomhpháirtíocht le Arthur Rhys Roberts.
'Sé Lloyd George an t-aon aturnae riamh a ndearnadh Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe de is ea é, in ainneoin an iliomad abhcóidí a fuair an post. Agus é ag scríobh thar ceann an Law Society Gazette, bhreathnaigh Michael Cross ar roinnt buaicphointí i saol oibre Lloyd George mar dhlíodóir.[2]
Toghadh chun Theach na dTeachtaí den chéad uair é sa bhliain 1890,
Seansailéir an Státchiste (1908-15) agus Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe (1916-22) ab ea é.
Bhí Lloyd George mar cheartlár an Conradh Versailles tar éis an Chéid Chogaidh Dhomhanda.
Shínigh Lloyd George an Conradh Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig 1921. Ach ar 22 Meitheamh 1922, scaoileadh marbh n Marascail Machaire Henry Wilson, ar leac a dhorais féin i lár Londain.[4] Bhí Wilson ina chomhairleoir slándála do Phríomh-Aire Tuaisceart Éireann, James Craig ag an am céanna.
Bhí David Lloyd George den tuairim gur poblachtánaigh frith-Chonartha ba chúis leis an marú.[5] Mar thoradh, chuir Rialtas na Breataine brú ar an gCoileánach ionsaí a dhéanamh ar na Ceithre Cúirteanna.[6]
Tháinig ailse phutóige ar David Lloyd George,[7] D’éag sé ar 26 Márta 1945 i Llanystumdwy, Gwynedd, Bá Ceredigion.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.