From Wikipedia, the free encyclopedia
Is amhrán leis an racghrúpa Sasanach Oasis é Live Forever. Scríobh príomhghiotáraí Oasis, Noel Gallagher, an t-amhrán sula raibh sé ina bhall den bhanna. Eisíodh an t-amhrán mar an tríú singil ar a gcéad albam Definitely Maybe ar 8ú Lúnasa 1994, díreach sular eisíodh an t-albam ina iomláine.
Cineál | singil amhrán |
---|---|
Taibheoir | Oasis |
Obair | Definitely Maybe |
Foilsithe | 8 Lúnasa 1994 |
Seánra | rac-cheol |
Lipéad ceoil | Creation Records |
Cumadóir | Noel Gallagher |
Léiritheoir | Owen Morris |
Formáid | dlúthdhiosca |
Definitely Maybe | |
← «Shakermaker» | |
Fuair Gallagher inspioráid ó Shine a Light, amhrán de chuid na Rolling Stones. Tá struchtúr an amhráin an-simplí agus tá na liricí dearfach, i gcodarsnacht le meon na mbannaí grúinse a raibh an-tóir orthu ag an am. Ba é Live Forever an chéad singil de chuid Oasis a shroich an barr-10 amhrán sa Ríocht Aontaithe, agus thug na léirmheastóirí ardmholadh dó. In 2017, dúirt an príomhfhonnadóir Liam Gallagher gurb é an t-amhrán Oasis is fearr leis. Dheimhnigh an BPI (British Phonographic Industry) gur bhain an t-amhrán platanam dúbailte amach i mí Lúnasa 2021.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.