scríbhneoir agus gníomhaí ar son na Gaeilge i mBéal Feirste From Wikipedia, the free encyclopedia
Bhí Liam Mac Carráin (nó William Carson) (1916-1998) ina scríbhneoir agus ina ghníomhaí ar son na Gaeilge i mBéal Feirste. Thuill sé gnaoi an phobail mar scéalaí agus mar scríbhneoir. Ba sna tríochaidí a thug sé grá don teanga den chéad uair. Chaith sé go leor dá chuid ama i nGaeltacht Dhún na nGall agus sult á bhaint aige as seanchas Mhicí Sheáin Néill (1901-1981). Bhí sé ina chúltaca ag Cumann Chluain Ard agus bhíodh fonn amhránaíochta agus scéalaíochta air i gcónaí ann, oícheanta Sathairn. Faightear léargas an-bheo ina chuid leabhar Is Cuimhin Liom an t-Am, Seo, Siúd agus Siúd Eile ar chúinsí an lucht oibre i mBéal Feirste sna 1930í, ar Bhóthar na bhFál agus ar an tSeanchill, agus Liam ag obair don Royal Mail. Le linn na dTrioblóidí dorcha, d'eagraigh sé ranganna oíche Gaeilge do Chaitlicigh agus do Phrotastúnaigh araon faoi scáth Chumann Oideachais na nOibrithe.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 14 Aibreán 1916 |
Bás | Márta 1998 81 bliana d'aois |
Áit chónaithe | Bóthar na bhFál |
Gníomhaíocht | |
Gairm | gníomhaí teanga, file, duine an phoist |
Teangacha | An Ghaeilge |
Teaghlach | |
Páiste | Ciaran Carson, Liam Carson |
Mic leis iad Liam Carson agus Ciarán Carson.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.