breitheamh i Sasana From Wikipedia, the free encyclopedia
Breitheamh i Sasana is ea Leonard Hubert "Lennie" Hoffmann, Baron Hoffmann GBS PC (a rugadh ar 8 Bealtaine 1934). Bhí tionchar mór ag Hoffmann ar fhorbairt an dlí phoiblí i Sasana, go mór mór maidir le luathbhlianta an Achta um Chearta an Duine 1998.[1]
(2016) | |
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Leonard Hoffmann, Baron Hoffmann |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 8 Bealtaine 1934 90 bliana d'aois Cape Town, An Afraic Theas |
Ball de Theach na dTiarnaí | |
21 Feabhra 1995 – | |
Tiarnaí Achomhairc i bPríomhfhíor | |
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Cape Town Coláiste na Banríona, Oxford South African College Schools (en) |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Londain |
Gairm | breitheamh, polaiteoir |
Fostóir | Amnesty International |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Gillian Lorna Sterner (1957–) |
Páiste | Jennifer Hoffmann, Clare Hoffmann |
Athair | Barney Woolf Hoffmann |
Gradam a fuarthas |
I Cape Town a rugadh An Tiarna Hoffmann, mac le duine de chomhbhunaitheoirí an ghnólachta dlí is mó san Afraic, ENSafrica (Edward Nathan Sonnenbergs). Is céimí de chuid Ollscoil Cape Town agus Choláiste na Banríona, Ollscoil Oxford (mar Scoláire Rhodes) é. Bhuaigh sé Scoláireacht Vinerian i 1957, as an bhfeidhmíocht is fearr sa scrúdú ar Chéim Bhaitsiléara an Dlí Shibhialta. Bhí sé ina Chomhalta Dlí Shibhialta Stowell i gColáiste na hOllscoile, Oxford ó 1961 go 1973.
Tharla Hoffmann seo go pointe áirithe i gcomhthráth le ham Sheáin Uí Cheallaigh (nach maireann) mar chomhalta de Choláiste na Tríonóide, Oxford (1961-65) agus ba é sin an bonn le cairdeas buan, mar a chuimhnigh an Tiarna Hoffmann nuair a labhair sé i gCOBÁC sa bhliain 1996.
Glaodh chun an Bharra air i Gray's Inn sa bhliain 1964 agus chun an Bharra Laistigh sa bhliain 1977.
Ceapadh Hoffmann ar Chúirteanna Achomhairc Jersey agus Guernsey sa bhliain 1980 agus rinneadh breitheamh de Ard-Chúirt Shasana agus na Breataine Bige (Rannán na Seansaireachta, 1985-92).
Bhí Hoffmann ar an gCúirt Achomhairc ó 1992 go 1995 agus bhí sé ina Thiarna Achomhairc i nGnáthnós 1995 go 2009.
Bhí sé ina Bhreitheamh Neamhbhuan ag Cúirt Achomhairc Dheiridh Hong Cong ó 1998 i leith. I dtaca le réimsí de dhlí Shasana inar speisialaigh sé mar bhreitheamh (mar dhlí na gcuideachtaí agus dlí na n-iontaobhas), bhí tionchar mór ag An Tiarna Hoffmann, chomh maith le tionchar ar fhorbairt an dlí phoiblí i Sasana, go mór mór maidir le luathbhlianta an Achta um Chearta an Duine 1998.
Sa bhliain 1996 a thug an Tiarna Hoffmann an tríú Léacht Bhliantúil i gCuimhne Sheáin Uí Cheallaigh i UCD, dar teideal "A Sense of Proportion" inar scrúdaigh sé ról phrionsabal na comhréireachta i ndlí bunreachtúil agus cearta daonna. Tá leagan leasaithe dá léacht le fáil i (1997) 32 𝙄𝙧𝙞𝙨𝙝 𝙅𝙪𝙧𝙞𝙨𝙩 (ns) 49-61.[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.