Ba é Lech Aleksander Kaczyński uachtarán na Polainne ó 2005 go 2010. Rugadh an cúpla comhionann Lech agus Jarosław Kaczyński ar an 18ú lá de mhí an Mheithimh 1949 i Vársá. Throid a athair i gcoinne na Naitsithe in Éirí Amach Vársá.[1]
Coimeádach cruthanta a bhí ann, agus d'éirigh sé antoisceach de chuid na heite deise de réir a chéile.
Dlí
Céimí sa dlí agus riarachán de chuid Ollscoil Vársá, fuair Kaczyński PhD ó Ollscoil Gdańsk sa bhliain 1980.[2] Ansin chríochnaigh sé ard-dhochtúireacht (maidir le dlí saothair agus fostaíochta) i 1990.
Bhí sé ina ánra taighde in Ollscoil Gdańsk ó 1971 go 1997 agus ina ollamh comhlach ansin (1996-99). Bliain níos déanaí, fuair sé post mar ollamh in Ollscoil an Chairdinéil Stefan Wyszynski i Vársá (ó 1999 go dtí go bhfuair sé bás),[3]
Gníomhaíochas
Thosaigh Kaczyński ag obair in éineacht le grúpaí a bhí i gcoinne an réimis chumannaigh i lár na 1970idí, ag tabhairt oiliúint sa dlí saothair d'oibrithe a ghlacadh páirt i ngluaiseacht na gceardchumann neamhspleách.
Bhí sé ina chomhairleoir do na stailceoirí i Longchlós Gdańsk sa bhliain 1980 agus bhí sé go mór chun cinn sa cheardchumann neamhspleách Solidarność ina dhiaidh sin.
Mar gheall air sin, rinneadh é a imtheorannú tar éis don dlí míleata a bheith fógartha, ó Nollaig 1981 go Deireadh Fómhair 1982. Nuair a scaoileadh saor é, thosaigh sé ag obair le gluaiseacht faoi cheilt na gceardchumann neamhspleách arís agus faoi dheireadh na 1980idí bhí sé ina chomhairleoir ríthábhachtach do Lech Walesa agus ghlac sé páirt sna comhráite comhstádais a tháinig roimh athrú na Polainne ina tír dhaonlathach.
Polaitíocht
Mar sheanadóir (in ainm a bheith) neamhpháirtí sna 1990idí agus 2000idí, bhí postanna éagsúla ag Kaczyński , ceannaire na hOifige Iniúchóireachta Uachtaraí (1992-95) agus an tAire Dlí agus Cirt (2000-2001) san áireamh. Bhain sé cáil amach mar dhuine a bhí go láidir i gcoinne na caimiléireachta.
Sa bhliain 2002, chuir Kaczyński agus a leathchúpla comhionann Jaroslaw, "Prawo i Sprawiedliwość" nó Páirtí an Dlí agus Cirt, ar bun. Ba é méara Vársá é ó 2002 go 2005.
An bhliain dár gcionn toghadh Kaczyński ina mhéara ar Vársá. Sa phost sin, dhiúltaigh sé cead do mórshiúlta ar son Bhród na nAerach i Vársá faoi dhó.[4] Shocraigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine gur sáraíodh ar an gcaoi sin Airteagal 11 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.
Toghadh Kaczyński ina Uachtarán ar an bPolainn sa bhliain 2005, tar éis dó gealltanais a thabhairt
- go rachfaí i ngleic leis an gcaimiléireacht,
- go méadófaí dlúthpháirtíocht shóisialta,
- go ndíreofaí aird ar choireanna an réimis chumannaigh agus
- go gcuirfí an dlí ar na daoine a bhí freagrach astu, agus
- go seasfaí an fód in aghaidh gach aon éileamh ar chúiteamh ó dhuine ar baineadh a chuid maoine de agus a ruaigeadh as an bPolainn i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.
Nuair a bhí sé ag seasamh don pháirtí "Prawo i Sprawiedliwość", chosain sé i Mí Aibreáin sa bhliain 2006 an stáisiún Radio Maryja go tréan ar an gcáineadh, agus é den bharúil go bhfuil cead cainte ag cách, ag Radio Maryja fiú, i dtír shaor.
Bhí a dheartháir Jarosław ina Phríomh-Aire ar an bPolainn ó 2006 go 2007.
Bás conspóideach
Fuair Kaczyński - agus pearsana eile poiblí agus míleata - bás i dtubaiste aeir sa Rúis ar an 10 Aibreáin 2010,[5] ag taisteal chun cuimhneacháin in Katyn in aice le Smolensk.[6] Thuairteáil Tu-154 de chuid Aerfhórsa na Polainne. D'éag 95 eile sa tuairt.[7] Deirtear gurb í an aimsir ba chúis leis an timpiste, a tharla faoi chúinsí amhrasacha de réir lucht Kaczyński. Tharla an tragóid in aice le Katyn, inar dúnmharaíodh fiche mhíle oifigigh de chuid arm na Polainne, ar ordú Rialtais an Aontais Sóivéadach ar 5 Márta 1940.[8]
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.