From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá Leabharlann Choláiste na Tríonóide suite i gColáiste na Tríonóide i lár Bhaile Átha Cliath.[1] Is í an leabharlann is mó in Éirinn í ina bhfuil os cionn 5 milliún imleabhar clóite, ina measc bailiúcháin mhóra leabhar, irisí, lámhscríbhinní, léarscáileanna agus ceoil, a léiríonn breis agus 400 bliain d’fhorbairt acadúil. Faigheann an leabharlann os cionn 100,000 ábhar nua a fhoilsítear sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn gach bliain.
Leabharlann Choláiste na Tríonóide | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Leabharlann agus leabharlann ollscoile | |||
Cuid de | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath | |||
Foirgníocht | 1592 | |||
| ||||
Suíomh gréasáin oifigiúil | tcd.ie… | |||
Tacaíonn an Leabharlann le riachtanais teagaisc agus foghlama gach disciplíne sa Choláiste; is leabharlann mhór taighde í a bhfuil clú agus cáil uirthi ar fud an domhain; cuireann sí seirbhísí ar fáil do raon leathan úsáideoirí agus institiúidí seachtracha; cuireann sí le forbairt tionscnamh cruthaitheach maidir le faisnéis a chur ar fáil agus meallann na taispeántais lámhscríbhinní agus seoda eile na céadta míle cuairteoir chun cuairt a thabhairt ar an tSean-Leabharlann gach bliain.
Tugtar eolas riachtanach ar ár leabharlanna, ár mbailiúcháin agus ár seirbhísí Gaeilge ar an suíomh gréasáin.
Bronnadh páipéir Mháirtín Uí Chadhain ar an Leabharlann.[3] I measc na bpáipéar tá ː
Sa leabharlann tá seomra mór fada ann freisin le 200,000 leabhar. Tá an Long Room 65 méadar ar fad. Chomh maithleis na leabhair, tá 40 dealbh sa seomra mór seo. Is dealbha de dhaoine cáiliúla ón stair iad. Ní raibh aon bhean ina measc go dtí 2020, nuair a cuireadh ceithre dhealbh de mhná ann, ina measc, an matamaiticeoir Ada Lovelace (1815-1852).[4] Thuig sí go raibh ríomhairí in ann níos mó a dhéanamh ná suimeanna.
Tá Leabhar Cheanannais le feiceáil sa Choláiste. Sa bhliain 2019, chuaigh níos mó ná milliún duine ar cuairt chun é a fheiceáil. Osclaíodh ionad nua in 2024.
Shaibhrigh George Berkeley é féin ar dhroim sclábhaithe.[5] Dá bharr sin, d'athainmnigh leabharlann i Coláiste na Trionóide, BÁC sa bhliain 2023/2024.[6]
Téann stair na Leabharlainne siar chomh fada le bunú an Choláiste sa bhliain 1592.
Bronnadh pribhléid ar an Leabharlann maidir le taisceadh dlíthiúil sa bhliain 1801
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.