Fine d'éin mhara, san ord Charadriiformes a chuimsíonn na faoileáin (Larus) , na geabhróga (Sternidae) agus na cánóga sciorracha (Rynchops) is ea na Laridae. Áirítear thart ar 100 speiceas, iad eagraithe i 22 géineas san fhine. Is grúpa solúbtha iad, den chuid is mó ina speiceas aeir, a fhaightear ar fud an domhain.
droimneach mór | |
Tacsanomaíocht | |
---|---|
Aicme | Aves |
Ord | Charadriiformes |
Fine | Laridae Vigors, 1825 |
Tacsanomaíocht
Thug an t-ileolaí Francach Constantine Samuel Rafinesque an fhine Laridae (mar 'Laridia') isteach sa bhliain 1815.[1][2]. Go stairiúil, bhí Laridae teoranta do na faoileáin, a fhad is a bhí na geabhróga i bhfine ar leith, na 'Sternidae', agus na cánóga sciorracha sa tríú fine, 'Rynchopidae'.[3] Cuireadh na hAnous san áireamh go traidisiúnta leis na 'Sternidae'. Sa bhliain 1990, chuir Charles Sibley agus Jon Ahlquist falcóga agus Meirligh mara san áireamh san ghrúpa níos leithne an fhine 'Laridae'.
Liosta na ngéineas
Rangú in ord aibítreach:
- Anous (5 speiceas)
- Chlidonias (4 speiceas)
- Chroicocephalus (11 speiceas)
- Creagrus (1 speiceas)
- Gelochelidon (1 speiceas)
- Gygis (1 speiceas)
- Hydrocoloeus (1 speiceas)
- Hydroprogne (1 speiceas)
- Ichthyaetus (6 speiceas)
- Larosterna (1 speiceas)
- Larus (23 speiceas)
- Leucophaeus (5 speiceas)
- Onychoprion (4 speiceas)
- Pagophila (1 speiceas)
- Phaetusa (1 speiceas)
- Rhodostethia (1 espèce)
- Rissa (2 speiceas)
- Rynchops (3 speeas)
- Sterna (13 speiceas)
- Sternula (7 speiceas)
- Thalasseus (7 speiceas)
- Xema (1 speiceas)
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.