scríbhneoir, file, sagart, agus fealsamh Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir, file, sagart, agus fealsamh Héigealaíoch ab ea John O'Donohue. Cainteoir dúchais Gaeilge a bhí ann. Tá sé aitheanta go príomha mar gheall ar a obair agus a scríbhneoireacht faoi spioradáltacht Cheilteach.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Eanáir 1956 Cúige Chonnacht, Éire |
Bás | 3 Eanáir 2008 52 bliana d'aois Avignon, An Fhrainc |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Tübingen |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, fealsúnacht, spioradáltacht agus miotaseolaíocht na gCeilteach |
Gairm | file, scríbhneoir, fealsamh |
Teangacha | Béarla |
Rugadh é ar 1 Eanáir 1956 agus tógadh idir Conamara agus Co. an Chláir é in iarthar na hÉireann. Oirníodh é ina shagart Caitliceach i 1979. D'fhág sé an tsagartacht i 2000.
Foilsíodh a chéad leabhar Anam Cara in 1997 agus bhí éileamh air mar aoichainteoir, go háirithe sna Stáit Aontaithe, mar gheall ar an leabhar seo. Scríobh sé 8 leabhar san iomlán i rith a shaol, agus is é an leabhar Anam Cara an leabhar is mó chlú a scríobh sé.
Lasmuigh de a bheith ag scríobh leabhar ar chúrsaí spioradáltachta bhí suim aige i ngníomhachas timpeallachta agus bhí an-bhaint aige le Ghrúpa Gníomhaíochta Bhoirne (Burren Action Group) i gCo. an Chláir.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.