Jerry Lee Lewis

amhránaí, cumadóir, agus pianódóir rac-cheoil agus ceol tuaithe Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia

Jerry Lee Lewis
Remove ads

Amhránaí, cumadóir agus pianódóir rac-cheoil agus ceol tuaithe ba ea an Meiriceánach Jerry Lee Lewis, (29 Meán Fómhair, 1935 - 28 Deireadh Fómhair 2022). Ceannródaí rac-cheoil a bhí ann, a bhain na cairteacha amach le roinnt amhrán cáiliúla, mar shampla Great Balls of Fire agus Whole Lotta Shakin' Goin' On.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Chaith Lewis tamall de bhlianta ar an mbóthar agus ag taisteal ar fud an domhain, i gcuideachta a mhacasamhail Chuck Berry agus Little Richard agus laochra eile na haoise.

Tugadh buille mór dá chlú pearsanta agus dá ghairmréim cheoil nuair a tháinig sé chun solais gur phós Lewis a chol ceathrair óg sa bhliain 1958, agus í trí bliana déag d'aois.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads