Jay Simpson Homer

From Wikipedia, the free encyclopedia

Jay Simpson Homer

Is é Homer Jay Simpson ceann de na príomhcharachtair sa tsraith theilifíse bheoite cáiliúil The Simpsons. Tá sé guthaithe ag Dan Castellaneta. Baineann sé le saol teaghlaigh Mheiriceánaigh a bhfuil cónaí orthu i Springfield, baile sna Stáit Aontaithe.

Fíricí Gasta Cineál, Eapainm ...
Jay Simpson Homer
Thumb
Cineálduine ficseanúil
animated television character (en)
animated film character (en)
EapainmHomer Groening
Cruthaithe agMatt Groening
Léirithe agDan Castellaneta, Tonino Accolla, Massimo Lopez, Humberto Vélez, Philippe Peythieu, Norbert Gastell (en) , Tōru Ōhira agus Hubert Gagnon
Comhthéacs
I saotharThe Simpsons
CruinneCruinne The Simpsons
Dáta
Inscnefireann
Slí bheathahealth and safety inspector (en) , tiománaí, spásaire, rúnaí, garda cosanta, léirmheastóir bia, misinéir, leasuachtarán, aisteoir gutha, labor leader (en) , áilteoir, dealer (en) , forairdeallaí, smuglálaí rum, tiománaí traein, dornálaí, feirmeoir, amhránaí, bainisteoir, sonóg, maor, adult educator (en) , ealaíntóir choincheapúil, ice cream vendor (en) , traveling salesperson (en) , paparazzi (en) , ionadaí díolachán, volunteer firefighter (en) , amhránaí ceoldrámaíochta, tiománaí, sealgaire deolchairí agus aisteoir scannáin
Meáchan240 lb
Riocht leighisalóipéice, ionfharchtadh miócairdiach, alcólachas, gortú trámach inchinne, deilgneach agus Jerusalem syndrome (en)
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
CónaitheSpringfield
BreithSpringfield , 12 Bealtaine 1956
Muintir
MuintirSimpson family (en)
CéileMarge Simpson
MáthairMona Simpson
AthairAbe Simpson
LeanaíBart Simpson, Lisa Simpson, Maggie Simpson agus Hugo Simpson
SiblíníHerbert Powell agus Abbie Simpson
Daoine muintearthaPatty Bouvier, Selma Bouvier, Clancy Bouvier (en) agus Jaqueline Bouvier
Eile
Céim mhíleatacaptaen
Ball deCúltaca Chabhlach na Stát Aontaithe agus Arm na Stát Aontaithe
Cuid deHomer and Marge Simpson (en)
Comhionannkwyjibo (en)

Dún

Rugadh agus tógadh Homer i mbaile Springfield, áit a bhfuil cónaí air fós in éineacht lena bhean Marge agus a dtriúr páistí, Bart, Lisa agus Maggie. Is mac le hAbe agus Mona Simpson é Homer. Tá leasdeartháir aige darb ainm Herb agus leasdeirfiúr chomh maith, an toradh ar chaidreamh idir a athair is bean Sasanach a casadh ar Abe agus é ar stáisiún i Sasana le linn an Dara Cogadh Domhanda. Níl sé soiléir cén aois é Homer, ach de réir cosúlachta, rugadh sa mbliain 1956 é.

Oibríonn sé mar chigire sábháilteachta i gCumhachtstáisiún Núicléach Springfield. Ach caitheann sé an chuid is mó dá chuid ama ina chodladh nó ag ithe taoschnónna. Taobh amuigh den obair caitheann sé go leor ama i dteach tábhairne Moe. San áit sin, is maith le Homer cúpla pionta Duff a chaitheamh siar in éineacht lena chairde, Barney Gumble, Lenny agus Carl.

Tá cuma áirithe ar na carachtair – tá craiceann buí orthu agus súile móra acu agus ceithre mhéar ar a lámha. Tá go leor tréithe diúltacha ag baint le Homer chomh maith. Léirítear é mar fhear gáirsiúil, gan mórán oideachais, a itheann agus a ólann an iomarca. Tá sé maol, ramhar, amaideach, leisciúil agus mí-fhoighdeach. Tá achar airde an-ghearr aige chomh maith a chomhlánaíonn an paisean a bhíonn aige do caitheamh aimsire éagsúla. Ach, amanna, éiríonn le Homer an taobh is fearr dá phearsantacht a thaispeáint – is féidir leis a bheith solúbtha, cumasach agus díograiseach.

Is fear céile agus athair carthanach é Homer agus sna blianta ó taispeánadh The Simpsons ar dtús tá pearsantacht Homer tar éis fás agus is carachtair cáiliúil é anois agus réalta den chultúr Meiriceánach.

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.