oileán amach ó chósta Chonamara From Wikipedia, the free encyclopedia
Tugtar Inis Mór[1] go minic ar an oileán is mó de chuid Oileáin Árann amach ó chósta na Gaillimhe (i gContae na Gaillimhe) in iarthar na hÉireann. Is é Árainn ainm oifigiúil an oileáin, agus is é 'Árainn' freisin is mó a thugann muintir Oileáin Árann féin ar an oileán sin. Bunaithe ar 'Inishmore' an Bhéarla - leagan a cumadh sa 19ú céad - a tháinig an leagan truaillithe Gaeilge 'Inis Mór' chun cinn.
(ga) Árainn | ||||
Cineál | Oileán | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Oileáin Árann | |||
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúil | Oileáin Árann | |||
Logainm.ie | 938 | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Contae na Gaillimhe, Éire | |||
| ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Cuan na Gaillimhe | |||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 123 m | |||
Toisí | 38 () × 14 () km | |||
Achar | 31 km² | |||
Tá Cill Rónáin, an baile measartha amháin atá ar an oileáin, tuairim agus 50 ciliméadar siar as cathair na Gaillimhe.
In 2024, d'fhógair Fáilte Éireann agus Údarás na Gaeltachta infheistíocht nua; tá os cionn €3 milliún le caitheamh chun forbairt a dhéanamh ar Ionad Cuairteoirí Árann – Áit na Cloiche, a bheidh lonnaithe san áit a mbíodh Ionad Oidhreachta Oileáin Árann i gCill Rónáin.
Tá sé mar aidhm ag an infheistíocht síneadh a chur le séasúr turasóireachta na n-oileán, taithí an chuairteora a fheabhsú agus leas eacnamaíochta agus cultúrtha a dhéanamh do phobal na háite. Tá sé i gceist caifé agus áiseanna eile do thurasóirí a fhorbairt mar chuid den togra, chomh maith le háiseanna gur féidir le muintir na háite úsáid a bhaint astu nuair a bhíonn an séasúr turasóireachta thart.[2]
Beidh ionad ann a inseos scéal oidhreachta Árann do chuairteoirí agus beidh sé oscailte an bhliain ar fad – do thurasóirí agus freisin do mhuintir an oileáin a bheas in ann é a úsáid le teacht le chéile ann.[3]
Cé nach bhfuil An Ghaeilge chomh láidir ar Inis Mór 's atá sí ar Inis Oírr agus Inis Meáin, tá an Ghaeilge fós mar theanga an phobail ar Inis Mór. I ndaonáireamh 2016 fuarthas amach go bhfuil Gaeilge ag 81% de mhuintir an oileáin agus go labhraíonn 59% den ndaonra an Ghaeilge go laethúil.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.