déileálaí ealaíne Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba dhéileálaí ealaíne Éireannach é Sir Hugh Percy Lane (9 Samhain 1875 – 7 Bealtaine 1915). An cháil is mó atá atá air ná gur bhunaigh sé an chéad dánlann nua-ealaíne sa domhan in Éirinn. Is é seo Dánlann Hugh Lane, atá suite ar Chearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 9 Samhain 1875 Contae Chorcaí |
Bás | 7 Bealtaine 1915 39 bliana d'aois Lusitania |
Siocair bháis | Bá |
Gníomhaíocht | |
Gairm | déileálaí saothar ealaíne, bailitheoir ealaíne |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Athair | James William Lane agus Frances Adelaide Persse |
Gradam a fuarthas |
Rugadh Hugh Lane do James William Lane agus Frances Adelaide Persse. Ba as Corcaigh muintir Lane agus as Gaillimh muintir Persse agus bhí Lady Gregory ina aintín leis. Tógadh Hugh Lane i gCorn na Breataine i Sasana, cé gur rugadh é in Éirinn, i gContae Chorcaí. Bhí sé ina dhéileálaí ealaíne i Londain faoin mbliain 1901.
Tar éis dó cuairt a thabhairt ar a aintín, Lady Gregory, in Éirinn agus taispeántas péintéireachta comhaimseartha a fheiceáil ansin, shamhlaigh Lane go bhféadfaí dánlann a bhunú ina bhféadfaí an chuid is fearr d'ealaín nua-aimseartha na hÉireann agus an domhain mhór a chur ar taispeáint, taobh le taobh. Ón am sin ar aghaidh, dhírigh Lane a chuir iarrachtaí go léir ar bhailiú na healaíne nua-aimseartha ó Éirinn, Sasana agus ón Mór-Roinn, don dánlann nua. Osclaíodh an dánlann nua seo ar 20 Eanáir 1908 i dTeach Clonmell ar Shráid Fhearcair, i mBaile Átha Cliath. Ach bhí deacrachtaí le hionad buan a fháil don bhailiúchán agus bhí Lane féin imithe ar shlí na fírinne sular lonnaíodh an bailiúchán i ndánlann bhuan, i dTeach Charlemont ar Chearnóg Pharnell.
Fuair Lane bás mar phaisinéir ar an RMS Lusitania, nuair a cuireadh an long sin go tóin poill le toirpéad ó fhomhuireán Gearmánach le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.