scríbhneoir Ostarach From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir Ostarach de phór na hUngáire ba ea Hans Habe, nó János Békessy, mar a bhí air ar dtús. Saolaíodh i mBudapest é ar an 12 Feabhra 1911, agus shíothlaigh sé in Locarno san Iodáil ar an 29 Meán Fómhair 1977. Bhí Habe lán d'aer an tsaoil agus is iomaí caint a tharraing a shaol.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 12 Feabhra 1911 Búdaipeist, An Ungáir |
Bás | 29 Meán Fómhair 1977 66 bliana d'aois Locarno, An Eilvéis |
Príomheagarthóir | |
Teanga dhúchais | an Ungáiris |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, iriseoir, eagarthóir rannchuidithe |
Teangacha | An Ghearmáinis agus an Ungáiris |
Gairm mhíleata | |
Coinbhleacht | An Dara Cogadh Domhanda |
Teaghlach | |
Céile | Eleanor Post Hutton Ali Ghito Eloise Hardt |
Páiste | Antal de Bekessy ( Eleanor Post Hutton) |
Athair | Emmerich Bekessy |
Gradam a fuarthas | |
Chuaigh an teaghlach chun cónaithe i Vín i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda. Ach tharraing a athair, an foilsitheoir Imre Békessy, náire air féin agus ar a mhuintir leis an iompraíocht scannalach a bhí ar siúl aige.
Chuaigh a mhac le hiriseoireacht agus ghlac sé an t-ainm Hans Habe air féin. Cé go raibh Ungáiris ó dhúchas aige, d'fhoghlaim sé Gearmáinis go luath ina chéad óige, agus mar sin, ní bhfuair sé deacair scríbhneoireacht a chleachtadh sa teanga sin.
Bhí Habe ag lochtú na Naitsithe agus na bhFaisistithe ina chuid scríbhneoireachta, agus nuair a rinne Hitler cúige Gearmánach den Ostair, theith Habe lena anam. Ar dtús, shocraigh sé síos san Fhrainc agus chuaigh sé sna saighdiúirí sa Léigiún Coimhthíoch le buille a bhualadh in aghaidh Hitler.
I ndiaidh do na Naitsithe an Fhrainc a fhorghabháil, fuair Habe é féin cimithe i gcampa géibhinn Drancy. Ach d'éirigh leis éalú, agus an tír a fhágáil in éineacht lena bhean chéile.
Tríd an Spáinn agus tríd an bPortaingéil, tháinig an bheirt acu go dtí na Stáit Aontaithe. I Meiriceá, áfach, fuair Habe colscaradh agus phós sé bean shaibhir Mheiriceánach, Eleanor Hutton, sa bhliain 1942. Saolaíodh mac dóibh go gairid ina dhiaidh sin.
Ón mbliain 1942 ar aghaidh, throid Habe in arm na Stát Aontaithe, agus fuair sé oiliúint sa chogaíocht shíceolaíoch agus sa bholscaireacht. Goineadh é ag ceithre ócáid déag le linn an chogaidh.
Nuair a bhí an Ghearmáin cloíte, chuir Habe bun le sraith de nuachtáin ar fud na Gearmáine, agus é ag iarraidh intleachtóirí agus scríbhneoirí frith-Fhaisisteacha a earcú lena n-aghaidh. Bhí sé gníomhach ina iriseoir sa Ghearmáin agus ina scriptscríbhneoir do Hollywood san am céanna, agus tháinig na póstaí sna sálaí ag a chéile.
Le hEloise Hardt, rugadh a iníon dó, Marina Elizabeth, sa bhliain 1951, ach dhúnmharaigh an sraithmharfóir Meiriceánach Charles Manson agus lucht a leanúna an iníon nuair a bhí sí ina cailín óg.
Sa bhliain 1954, phós Habe a bhean dheireanach, Licci Balla.
Agus é ag dul anonn in aois, d'éirigh Habe ní ba choimeádaí ina chuid tuairimí, agus sna seachtóidí, bhí sé á shíorlochtú ag na radacaigh óga.
Scríobh Habe breis is fiche leabhar, cuid mhaith úrscéalta ina measc, agus stíl thraidisiúnta scríbhneoireachta aige. Bhí cuid mhaith dá chuid scríbhinní ficseanúla bunaithe ar eachtraí a shaoil féin.
Ní raibh mórán tuisceana aige riamh do na sruthanna nua-aimseartha litríochta i ndiaidh an chogaidh. Go háirithe, ní raibh sé ábalta mórán céille a bhaint as saothar Gruppe 47.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.