From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is gramafón ann, nó seinnteoir ceirnín nó caschlár, ná gaireas chun fuaim a atáirgeadh ó dhiosca, ar taifeadadh an fhuaim i bhfoirm claiseanna bíseacha, gearrtha ar dhromchla comhréidh an diosca.[2] Castar an diosca ar chaschlár chun na claiseanna a cheistiú de réir a chéile le stíleas glacaire.
Ait go leor, tugtar 'phonograph' fós ar 'gramafón' i mBéarla na Stát Aontaithe. Ach deirtear san Eoraip go bhfuil an sean-fhónagraf greanta ar shorcóirí.[2]
Thaispeáin an t-aireagóir Meiriceánach Emile Berliner (1851-1929) an gaireas seo den chéad uair sa bhliain 1887. De réir a chéile, tháinig sé in ionad an fhónagraif (le fuaim taifeadta ar shorcóirí céarach).[2] Bhí na dioscaí i bhfad níos éasca le déanamh is le taifeadadh orthu ná na sorcóirí, agus d'fhéadfaidís i bhfad níos mó a thaifeadadh orthu.[3]
Déantar tonnchruthanna chreathanna na fuaime a thaifeadadh mar athruithe beaga fisiciúla comhfhreagracha in iomaire bíse atá greanta, eitseáilte, gearrtha nó brúite isteach i ndromchla sorcóra nó diosca atá ag timpeallú, ar a dtugtar ceirnín.[2]
Chun an fhuaim a athchruthú, déantar an dromchla a chasadh ar bhealach comhfhreagrach arís fad a leanann stíleas an t-iomaire nó an chlais. Cuireann na cnapáin agus na loganna sin creathanna tríd an stíleas agus déanann sé seo athchruthú ar an bhfuaim a taifeadadh, ach go han-íseal ar fad.
Nuair a cumadh na dioscaí i gcéaduair dhéanadh an stíleas scannán a chreathadh, rud a chruthaigh tonnta fuaime a cheanglaíodh leis an aer trí adharc méadúcháin a rinne bolgadh amach, nó cheanglaítí an fhuaim go díreach le cluasa an éisteora trí chluasáin a bhí cosúil le steiteascóp.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.