An eitinn

galar aicídeach From Wikipedia, the free encyclopedia

Galar is ea an eitinn arb é an baictéar úd Mycobacterium tuberculosis is cúis leis. Ar na scamhóga is minicí a ghoilleann an eitinn, ach is féidir léi dul i bhfeidhm ar bhaill eile den chorp, ar na cnámha nó ar an inchinn mar shampla.

Fíricí Gasta Cineál, Speisialtacht leighis ...
Eitinn
Thumb
Thumb
Cineálprimary bacterial infectious disease (en) , mycobacterium infectious disease (en) , endemic disease (en) , galar tógálach, galar agus emerging communicable disease (en)
Speisialtacht leighisgalair thógálacha, leigheas análaithe agus phthisiology (en)
Cóireáil chliniciúil
Comharthaícasacht, haemaitís, cailleadh meáchain, fiabhras, night sweats (en) , pian chliabhraigh, tuirse agus crithfhuacht
Scrúduithechest radiograph (en) , chest CT (en) , Tástáil Mantoux, lung biopsy (en) , Tuberculosis radiology (en) , chest photofluorography (en) , sputum culture (en) , GeneXpert MTB/RIF (en) , TB-LAM in the Diagnosis of TB (en) , QuantiFERON (en) , Ziehl-Neelsen stain (en) agus T-SPOT.TB (en)
Cóireáildruga fritheitinne
 Cógais
cycloserine (en) , ethionamide (en) , 4-aminosalicylic acid (en) , ethambutol (en) , capreomycin (en) , isoniazid (en) , isoniazid (en) , viomycin (en) , pyrazinamide (en) , cycloserine (en) , ethionamide (en) agus rifampicin (en)
Ualach tinnis43,650,273 agus 34,200,000
Pataigineas
Cúis ghéiniteachC2CD2, DCUN1D5, DSCAM, DYNC2H1, IL2RB, NAA60, VWA8, ZFPM2 agus SPON1
Tarchur pataigineachtras-seoladh aeriompartha
CúisMycobacterium tuberculosis
Éifeachtgalar Pott agus pulmonary toxicity (en)
Aicmiú
ICD-10A15-A19
ICD-9010 agus 018
CIAPA70
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0148720
OMIM607948
DiseasesDB8515
MedlinePlus000077 agus 000624
eMedicine230802
Patient UKtuberculosis-pro
MeSHD014376
Orphanet3389
UMLS CUIC0041296
DOIDDOID:399
Dún

Téarmaíocht

Níl trácht ar an eitinn inniu. Ach tubarculóis" nó leagan éigin áitiúil den fhocal chéanna a tugadh ar an eitinn sna teangacha coimhthíocha fadó. Créachta a tugadh ar an eitinn i nGaeilge Uladh.

Vacsaíniú i gcoinne na hEitinne

BCG a thugtar ar an vacsaín a thugann díonadh (imdhíonacht) don duine ar an eitinn. Seasann na litreacha sin do Bacillus Calmette-Guérin. Is é atá i gceist leis an BCG ná tréithchineál lagaithe den bhaictéar Mycobacterium bovis, is é sin, baictéar eitinne na mbó. B'iad Albert Calmette agus Camille Guérin, beirt bhaictéareolaithe a bhí ag obair in Institiúid Pasteur i Lille a d'fhorbair an vacsaín i rith bhlianta an Chéad Chogadh Domhanda. Tháinig an vacsaín in úsáid sa chéad uair sa bhliain 1921, ach níor éirigh sí coitianta ach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.

Príomhalt: Vacsaín BCG
Thumb
Tástáil Mantoux

Tionchar an ghalair

Bhí an eitinn forleathan go leor in Éirinn i dtús na fichiú haoise, rud atá le léamh ar litríocht Gaeilge na linne chomh maith. Inniu, áfach, is fánach duine a tholgann an eitinn. Is iad na príomhchúiseanna leis ná:

(a) go bhfuil caighdeán maith maireachtála sa tír don chuid is mó, (b) gur féidir linn cóir leighis a thabhairt do dhaoine a bhfuil an aicíd orthu, agus (c) go bhfuil leibhéal ard imdhíonachta ann.

Thumb
eipidéimeolaíocht, 2006

Is léir freisin go bhfuil tuiscint na ngnáthdhaoine do chúrsaí an tsláinteachais i bhfad níos fearr inniu ná mar a bhíodh.

Sa Tríú Domhan tá líon na ndaoine a tholgann an eitinn agus a fhaigheann bás léi i bhfad níos airde, agus é ag dul i méadaíocht go gasta i gcuid mhór tíortha.

Conas a théann an eitinn i bhfeidhm ort?

Is gnách go dtosaíonn an eitinn le láthair bheag athlasta in aon scamhóg amháin. Téann an láthair athlasta i méid ansin agus mura gcuirtear bac leis an athlasadh in am leathnóidh sé amach chuig an scamhóg eile sa deireadh. Ní féidir na scamhóga athlasta a thabhairt ar ais, agus mar sin tá sé ardtábhachtach an t-othar a chur ar bhealach a bhisithe in am.

Thumb
Mycobacterium tuberculosis Ziehl-Neelsen

Aithnítear an aicíd ar na hairíonna seo:

  • tá an t-othar ag casachtach ar feadh seachtainí;
  • tá fiabhras air;
  • bíonn sé ag bárcadh allais gan chúis shoiléir, go háirithe istoíche;
  • tá sé ag cailliúint meáchain;
  • bíonn tuirse air gan chúis shoiléir;
  • bíonn slaoda fola sa ramallae a chaitheann sé le linn na dtaomanna casachtaí.

Féach freisin

Tagairtí

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.