amhránaí Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Amhránaí ar an sean-nós agus bailitheoir amhrán ab ea Eibhlís Uí Chróinín nó Elizabeth "Bess" Cronin (30 Bealtaine 1879 i Ré na nDoirí[1] – 22 Bealtaine 1956 i Maigh Chromtha).[2] Bhí stór mór amhráin, seanchais agus scéalta aici.[3] Bhronn Séamus Ennis "Banríon na n-Amhrán" uirthi.[4][5]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 29 Bealtaine 1879 An Ráth Thiar, Éire |
Bás | 2 Meitheamh 1956 77 bliana d'aois Maigh Chromtha, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí |
Seánra | Ceol na hÉireann |
Uirlis | Ceol gutha |
Teaghlach | |
Páiste | Donncha Ó Cróinín |
Máighreád Ní Thuama a máthair agus Seán ‘Máistir’ Ó hIarlaithe a hathair.[6] Bhíodar beirt, agus pobal an cheantair, go mór fé thionchar ghluaiseacht Athbheochan na Gaeilge ag an am. Le bunú an ‘Oireachtas’ in 1897, spreag na comórtais amhránaithe agus scéalaithe na dúthaí chun gnímh. D’éirigh chomh maith leo gur baisteadh Príomhchathair na Gaeltachta ar ‘Bhaile Mhúirne’ sa bhliain 1900.
Saolaíodh Bess Cronin i mBealtaine na bliana 1879 sna Foithrí i bparóiste Bhaile Bhuirne.
An chéad uair riamh a chan Bess Cronin go poiblí de réir dealraimh ná ag Feis i Maigh Chromtha in 1899 agus gan í ach deich mbliana d’aois.
Phós Bess Seán Ó Cróinín. Bhí cónaí orthu i gCarraig an Adhmaid i mBaile Mhic Íre. Bhí ceathrar mac acu agus aon iníon amháin.[7]
Thug sí go fial agus go flaithiúil dá stór amhrán do bhailitheoirí i mBaile Mhúirneː Séamus Ennis, Diane Hamilton, Seán Mac Réamoinn, Alan Lomax, Jean Ritchie, Ciarán Mac Mathúna, srl.
D’éag Bess ar 22 Bealtaine 1956 agus d’fhág sí ina diaidh oidhreacht amhrán olmhór, idir Béarla agus Gaeilge. Cuireadh í i Reilig Ghobnatan i mBaile Bhuirne í,
Tháinig bailiúchán amhrán sa bhliain 2021, i leabhar & dlúthdhioscaí athnuaite, a scríobh, cuid acu nár chualthas ó bhásaigh sí sa mbliain 1956. Sé a garmhac, an tOllamh Dáibhí Ó Cróinín eagarthóir an tsaothair. Tá cuid den saothar i gcartlann RTÉ agus BBC agus cuid de chomh maith i gcartlann ar Shaol na Tuaithe i Leabharlann Thithe na Comhdhála in Washington, DC.[3]
Garnia di an t-amhránaí Iarla Ó Lionáird.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.