polaiteoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Polaiteoir, réabhlóidí, údar agus bainisteoir amharclainne Éireannach ab ea Earnán de Blaghd (de Blaghad uaireanta nó Ernest Blythe), a rugadh ar an 13 Aibreán 1889 agus a d'éag ar 23 Feabhra 1975. Bhí an sé ina bhall den IRB agus de Chonradh na Gaeilge agus ghlac sé páirt sa troid ar son neamhspleáchas na hÉireann. Ach ag an am céanna, bhí sé ar dhuine de na ceannairí ba ghníomhaí agus ba chonspóidí sa 20ú haois i ngluaiseacht na saoirse agus i ngluaiseacht na Gaeilge.[1]
Protastúnach as Machaire na gCeall[2] ab ea de Blaghd. Bhí feirm ochtó acra ann ag a athair James Blythe, ball d’Eaglais na hÉireann. Mar Phreispitéireach a tógadh a mháthair Agnes Thompson.
Ba é a ghrá don Ghaeilge a thug an Blaghdach isteach sa pholaitíocht ar dtús.[1]
Thosaigh sé ag taisteal don Bhráithreachas i gCúige Uladh timpeall 1910, agus ag freastal ar ranganna Gaeilge i gColáiste Chomhghaill, Béal Feirste. Ach in 1913 chuaigh an Blaghdach ó dheas go Corca Dhuibhne ina sclábhaí feirme (agus in aois 23 bliain dó) chun an Ghaeilge a fhoghlaim. An bhliain dár gcionn, bhí sé ina oibrí feirme ag muintir Thomáis Ághas i gCinn Aird. Bhí sé ina chaptaen ar Óglaigh Lios Póil chomh maith.
Sa bhliain 1915, fuair sé ordú a bheith ag taisteal arís don Bhráithreachas i gCúige Uladh. Ceapadh ina thimire do na hÓglaigh ansin é.[1]
I 1915 shuigh sé isteach i ngluaisteán den chéad uair ina shaol - ar a bhealach go príosún Bhóthar Chroimghlinne.[3]
Nuair a bhí Éirí Amach na Cásca faoi lán tseoil i mBaile Átha Cliath, bhí an Blaghdach díreach tar éis a bheith curtha sa phríosún.
Ina phríosúnach in Éirinn agus i Sasana a chaith de Blaghd an chuid is mó den am ó gabhadh é 21 Márta 1916 go dtí deireadh Feabhra 1919.[4] Tá mion chur síos ina leabhar "Gaeil Á Múscailt"[5] ar shaol an chime – ina aonar i bpríosún Brixton agus smaointe drúisiúla á chrá; ar stailc ocrais agus tarta i bpríosún Chorcaí agus é ag brionglóidí ar dheochanna dubha leanna agus ina cheannfort ar an mbuíon de phríosúnaigh ‘dhainséaracha’ i bpríosún Bhéal Feirste chomh maith lena ainmníú, ar mholadh Éamon de Valera, ina Stiúrthóir Trádála agus Tráchtála sa chéad Dáil Éireann.[5]
Thug de Blaghd an-tacaíocht don Chonradh Angla-Éireannach. Toghadh é ina Theachta Dála do Mhuineachán Thuaidh sa bhliain 1918.
Ó shin go 1922, bhí an Blaghdach ina Aire ar an Roinn Tionscail agus Trádála. Ceapadh ina Aire Airgeadais é nuair a bhí rialtas Liam Tomás Mac Cosgair ann. Cáineadh go géar é nuair a d'ísligh sé an pinsean ó deich scilling go naoi scilling; chaill sé a shuíochán sa bhliain 1933.
Faisistí go smior a bhí ann. Sna 1930idí bhí de Blaghd ina bhall sinsearach de na Léinte Gorma agus ina sheanadóir (1933-36).
D'éirigh an Blaghdach as an bpolaitíocht sa bhliain 1936 le dul le hamharclannaíocht. Bhí sé ina bhainisteoir ar Amharclann na Mainistreach ó 1941-67.
In 1925 thug de Blaghd, mar aire, fóirdheontas d’Amharclann na Mainistreach. Deirtear gurbh é an chéad uair i ndomhan an Bhéarla a ndearnadh a leithéid. Deich mbliana ina dhiaidh sin thug W.B. Yeats cuireadh dó a bheith ina stiúrthóir ar an amharclann.[1]
Bhí sé ina stiúrthóir bainistíochta ar Amharclann na Mainistreach ó 1941 go 1967 agus ar dhuine de na stiúrthóirí go 1972.
D’aistrigh sé Le Bourgeois Gentilhomme le Moliere go Gaeilge faoin teideal Sodar i ndiaidh na nUasal agus léiríodh é 21 Bealtaine 1944.[1]
Chuirtí ina leith go ndiúltaíodh sé drámaí maithe, go nglacadh sé le drochdhrámaí, agus go gcuireadh sé aisteoirí ó dhoras mura mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge acu.
Bhí an Blaghdach ina Ghaeilgeoir dílis. Is dó a thugtar an chreidiúint maidir le polasaithe Gaeilge an rialtais i gcoitinne idir 1922 agus 1932 agus maidir le bunú an Ghúim, Choláiste Mhuire, na gcoláistí ullmhúcháin, agus maoiniú Choláiste Ollscoile na Gaillimhe i dtreo go gcuirfí le tábhacht na teanga ann.[1]
Is eisean a rinne an cinneadh deontas stáit a thabhairt chun go mbunófaí Taibhdhearc na Gaillimhe, amharclann náisiúnta na Gaeilge, sa bhliain 1927.
Bhí sé in aghaidh Chonradh na Gaeilge i rith na tréimhse sin toisc, b’fhéidir, an tsíorghearáin a bhí ar siúl acu i dtaobh fhaillí an rialtais, dar leo, sa teanga.[1] Thug sé tacaíocht don chló rómhánach i ngnóthaí foilsitheoireachta an rialtais, rud nár mhéadaigh gean Gaeilgeoirí poblachtacha air.
D'fhoilsigh an Blaghdach trí leabhar dírbheathaisnéise sa Ghaeilge, mar atá, Trasna na Bóinne (1957)[6], Slán le hUltaibh (1971), agus Gaeil á Múscailt (1973).
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.