Donald Knuth

ríomheolaí Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia

Donald Knuth
Remove ads

Is ríomheolaí, matamaiticeoir agus ollamh emeritus in Ollscoil Stanford é an Meiriceánach Donald Ervin Knuth a rugadh ar 10 Eanáir 1938. Bronnadh an ACM Turing Award air i 1974, duais a mheastar mar dhuais Nobel na ríomheolaíochta. Tá aithne air mar athair na hanailíse algartam.

Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...

Is údar an leabhair cháiliúil il-imleabhar The Art of Computer Programming é. D'oibrigh sé ar mhaithe le forbairt diananailís ríomhchastacht na n-algartam agus leag sé amach córas le teicnící foirmiúla matamaitice dó. I mbun na hoibre sin, scaip se an nodaireacht asamtóiteach freisin. Chomh maith le bunábhair a chur ar fáil i mbrainsí ar leith sa ríomheolaíocht theoiriciúíl, is é cruthaitheoir an ríomhchórais clóchuradóireachta TeX é, an teanga sainmhínithe um chlónna agus córas rindreála METAFONT agus an tacar cló-aghaidheanna gaolmhara Computer Modern.

Mar scríbhneoir agus scoláire, chruthaigh Knuth na córais ríomhchlárúcháin WEB agus CWEB a dhear sé chun ríomhchlárúchán léannta a ghríosú agus a éascú, agus dhear sé na hailtireachtaí tacar treoracha MIX/MIXX. Tá Knuth go láidir i gcoinne paitinn a chur ar bhogearraí, tar éis a thuairim féin a thabhairt don Oifig um Phaitinní agus Trádmharcanna sna Stáit Aontaithe agus don Eagraíocht Eorpach um Phaitinní.

Remove ads
Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads