From Wikipedia, the free encyclopedia
Ceapadóirí agus ceannródaithe eitlíochta ab ea na Deartháireacha Wright (Orville Wright agus Wilbur Wright). Cheap siad an t-eitleán.
(1905) | |
Components | |
---|---|
Grúpa | dísreach siblíní foireann |
Wilbur Wright (Millville, 16 Aibreán 1867 - Dayton, 30 Bealtaine 1912). Eitleoir Orville Wright (Dayton, 19 Lúnasa 1871 - Dayton, 30 Eanáir 1948). Cumadóir | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | innealtóir eitilte, innealtóir dearaidh |
Gradam a fuarthas |
Deartháireacha Meiriceánacha a saolaíodh i nDayton, Ohio is Millville, Indiana faoi seach. Mhúscail léirithe d'fhaoileoirí a suim san eitilt sna 1890idí.
Thógadar aerárthaigh ina siopa deisiúcháin rothar i nDayton ar dtús. Chuireadar feabhas ar fhaoileoirí, agus faoi dheireadh chuir Orville inneall i gceann díobh.
Tar éis an chéad fhaoileora, a chruthaigh George Cayley i 1853 agus a thaispeáin gur féidir árthach nearnhfhuinnmhithe is troime ná an t-aer a eitilt[1], chláraigh na Wright a n-inneall eitilte agus chuir siad paitinn air ar an 23 Márta 1903.
Dúirt Orville Wright gur rinne sé an chéad eitilt in eitleán fuinnmhithe i 1903.[2] Creidtear go minic gurb iad na daoine a rinne an chéad eitilt faoi chumhacht innill riamh in Kitty Hawk, Carolina Thuaidh ar an 17 Nollaig, 1903. Ach ní raibh daoine ann chun é a chruthú.[3]
Tar éis an éacht seo, dhear na deartháireacha eitleáin fuinnmhithe eile sna blianta ina ndiaidh. Deimhníodh na heitiltí sa bhliain 1908 don chéad uair[4] Ach fíordheimhníodh na heitiltí a rinne Alberto Santos-Dumont i 1906 i bPáras[5]. Níor bhunaigh na deartháireacha Wright comhlacht déantúsaíochta aerárthach ach sa bhliain 1909.
Mhúin na deartháireacha Wright an eitleoireacht do Chance Milton Vought, agus bhí sé mar phríomhinnealtóir i gcomhlacht Wright gur bhunaigh a chomhlacht féin, in éineacht le Birdseye Lewis, i 1917, mar atá Lewis & Vought Corp.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.