polaiteoir Briotanach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is polaiteoir Briotanach é Damian Howard Green (rugadh 17 Eanáir 1956) a bhí ina Chéad-Státrúnaí agus ina Aire d’Oifig na Comh-Aireachta ó Mheitheamh go Nollaig 2017, sa Dara Aireacht de chuid Thersa May. Mar bhall den Pháirtí Coimeádach, bhí sé ina Fheisire Parlaiminte (FP) d'Ashford ó 1997.
Rugadh Green in Y Barri, Bro Morgannwg, an Bhreatain Bheag ar an 17 Eanáir 1956 agus rinne sé staidéar ar an bhfealsúnacht, polaitíocht agus eacnamaíocht i gColáiste Balliol, Oxford. Tar éis dó obair mar iriseoir don BBC, Channel 4 agus The Times, tháinig sé isteach sa Pharlaimint i dtoghchán 1997 trí shuíochán Ashford, Kent a bhaint amach.
D’fheidhmigh Green i roinnt post scáth-aireachta, lena n-áirítear an Scáth-Rúnaí Iompair agus an Scáth-Rúnaí Oideachais agus Scileanna. Tháinig sé chun suntais ar bhonn náisiúnta i mí na Samhna 2008 tar éis dó a bheith gafa agus tar éis gur thug póilíní ruathar faoina oifig pharlaiminteach, cé nár tugadh aon chás chun cinn. Bhí sé sa chomhrialtas Cameron-Colegg go dtí Iúil 2014, ar dtús mar Aire Stáit Inimirce agus ansin mar Aire Stáit Póilíneachta agus Ceartais Choiriúil.
Cheap an Príomh-Aire Theresa May Green mar Rúnaí Stáit um Obair agus Pinsin i mí Iúil 2016. Tar éis olltoghchán mhí an Mheithimh 2017, fuair sé ardú céime dó mar an Chéad-Státrúnaí agus ina Aire d’Oifig na Comh-Aireachta. Tar éis torthaí fiosrúcháin. ar líomhaintí go ndearna sé gnéaschiapadh ar bhean agus gur fhéach sé ar phornagrafaíocht ar ríomhaire oibre, a bheith foilsithe, fuarthas amach gur sháraigh sé an cód aireachta agus tugadh treoir dó éirí as an gComh-Aireacht i measc líomhaintí mhí-iompar gnéis i Westminster sa bhliain 2017. Rinneadh Cathaoirleach ar an One Nation Conservatives de, tar éis bhunú rialtas Boris Johnson i mí Iúil 2019. I mí Eanáir 2023, rinneadh Cathaoirleach Gníomhach den Choiste Digiteach, Cultúir, Meán agus Spóirt de tar éis do Julian Knight éirí as.I mí Eanáir 2023, rinneadh Cathaoirleach Gníomhach den Choiste um chúrsaí Digiteacha, Cultúir, Meán agus Spóirt (DCMS) de tar éis do Julian Knight éirí as.
Rugadh Green in Y Barri, Bro Morgannwg, an Bhreatain Bheag. D'fhás sé aníos i Reading, Berkshire agus fuair sé a chuid oideachais i Reading School. Chuaigh sé go Coláiste Balliol, [[Oxford]], ag déanamh staidéir ar an bhFealsúnacht, an Pholaitíocht agus an Eacnamaíocht. Bhí sé ina Uachtarán ar an Oxford Union i 1977 agus bhí sé ina leaschathaoirleach ar Chónaidhm na Mac Léinn Coimeádach (ar a dtugtar Conservative Future anois) ó 1980 go dtí 1982.
Le linn a chuid ama in Oxford, bhris Green a rosta tar éis do ghrúpa mac léinn eile uíochán a dhéanamh roimhé agus é a chaitheamh isteach in an Abhainn Cherwell. Tuairiscíodh go raibh Dominic Grieve sa ghrúpa, agus níos déanaí ar aghaidh bhí sé ag obair i cuideachta Green mar Aire Comh-Aireachta.
Sa bhliain 1978, cheap BBC Radio Green mar iriseoir airgeadais, sular thosaigh sé ag obair le Channel 4 News mar léiritheoir gnó i 1982. Thosaigh sé ag obair le The Times ar feadh bliana i 1984 mar eagarthóir nuachta gnó sular fhill sé ar an iriseoireacht teilifíse agus ar Channel 4 mar eagarthóir gnó i 1985. Rinneadh eagarthóir na Cathrach de agus bhí sé ina láithreoir teilifíse freisin ar chlár teilifíse Channel 4, an Business Daily sa bhliain 1987, go dtí gur fhág sé an teilifís chun dul isteach in Aonad Beartais an Phríomh-Aire John Major sa bhliain 1992. Bhí Green ag feidhmiú mar scríbhneoir ó am go chéile do Major ó 1988 i leith. D'fhág sé 10 Sráid Downing i 1994 chun a sheirbhís sainchomhairleoireachta féin a reáchtáil i ngnóthaí poiblí.
Sheas Green i gcoinne Ken Livingstone de chuid an Lucht Oibre i mBrent Thoir in olltoghchán 1992, ach chaill sé 5,971 vóta. Toghadh chuig Teach na dTeachtaí é do shuíochán Kent d'Ashford in olltoghchán 1997 tar éis don FP de chuid na dTóraithe Keith Speed éirí as. Bhí an suíochán ag Green le tromlach de 5,345 agus tá sé fós ina FP san toghcheantar. Thug sé a chéad óráid sa Teach ar 20 Bealtaine 1997.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.