From Wikipedia, the free encyclopedia
An damba is mó ar domhan is ea Damba na dTrí Mhám, ar abhainn na hIaing-tsí ag áit darb ainm na Trí Mhám i lár na Síne.
Damba na dTrí Mhám | ||||
---|---|---|---|---|
Lipéad sa teanga dhúchais | (zh) 三峽大壩 (zh-hans) 三峡大坝 | |||
Ainmnithe in ómós | Three Gorges (en) | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Gravity dam (en) , boat lift (en) agus stáisiún cumhachta hidrileictreach | |||
Cuid de | cascade hydroélectrique du Yangzi Jiang (fr) | |||
Foirgníocht | 2003 | |||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 2003 | |||
Úsáid | fuinneamh agus cumhacht hidrileictreach, flood control (en) agus inland navigation (en) | |||
Tréith | ||||
Airde | damba: 181 m | |||
Leithead | dam crest (en) : 40 m level of foundation (en) : 115 m | |||
Fad | damba: 2,335 m | |||
Sreabhadh | 116,000 m³/s (doirtbhealach) | |||
Airde os cionn na farraige | dam crest (en) : 185 m level of foundation (en) : 4 m | |||
Taiscumar | ||||
Ainm | Three Gorges Reservoir Region (en) | |||
Airde os cionn na farraige | 175 m | |||
Doimhneacht ingearach | 113 m | |||
Fad | 600 km | |||
Leithead | 1.1 km | |||
Achar dromchla | 1,045 km² | |||
Abhainn | An Iaing-tsí | |||
Abhantrach draenála | abhantrach na hIaing-tsí (1,000,000 km²) | |||
Toirt mar chainníocht | 39,300 hm³ | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Sandouping Town, Daon-Phoblacht na Síne (en) | |||
Suíomh | An Iaing-tsí | |||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Iaing-tsí | |||
| ||||
Gníomhaíocht | ||||
Am oibriúcháin | 2003 – | |||
Úinéir | China Yangtze Power | |||
Oibreoir | China Yangtze Power | |||
Hydraulic head (en) | 80.6 m | |||
Cumhacht rátáilte | 22,500 MW | |||
Annual energy output (en) | 103.65 TW h (2021) | |||
Tuirbín Francis | 14 (x 700 MW) (Am oibriúcháin:Meán Fómhair 2005-) | |||
Tuirbín Francis | 12 (x 700 MW) (Am oibriúcháin:Iúil 2009-) | |||
Tuirbín Francis | 6 (x 700 MW) (Am oibriúcháin:Iúil 2009-) | |||
Rinneadh loch timpeall 500 km ar fhad agus asáitíodh 1.2 milliún duine sa scéim, a sholáthróidh níos mó ná 8 n-oiread na cumhachta leictrí a sholáthraíonn córas iomlán na soláthróirí leictreachais in Éirinn, agus trí oiread níos mó ná damba iomráiteach an Grand Coulee sna Stáit Aontaithe.
Maireann beagnach 8% de dhaonra an domhain i ngleann Iaing-Tsí. Chomh maith le soláthar leictreachais, tá sé i gceist go gcabhróidh an damba ollmhór leis na tuilte millteanacha a tharlaíonn go tréimhsiúil sa ghleann céanna a chosc nó a choimeád faoi smacht.
Tá an-chuid ceisteanna comhshaoil ag baint leis an scéim seo, maille le húafás asáitiú an oiread sin daoine. Clúdaíonn an damba cuid de na Trí Mhám, a bhí fíorálainn agus ina ndlúthchuid d'fhinscéalta na Síne le 3,000 bliain. Iompraíonn abhainn Iaing-Tsí os cionn 500 milliún tonna de dhríodar gach bliain.
Seans maith go líonfar an loch ar thaobh uachtarach an damba go tapa le glár, ionas nach mbeidh sé inseolta agus nach mbeidh an oiread céanna cumhachta hidrileictrí le fáil uaidh thar na blianta.[1]
Moladh Damba na dTrí Mhám den chead uair i 1919, ach níor críochnaíodh go dtí 2006 é
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.