From Wikipedia, the free encyclopedia
Tugtar Cosacaigh ar threibheacha áirithe Slavacha a raibh cónaí orthu i nDeisceart na Rúise agus san Úcráin. Is deacair a rá, cé acu grúpa eitneach nó aicme shóisialta atá iontu. Ar dtús, ba scológa bochta iad a bhí míshásta leis an dóigh a rabhthas á ndúshaothrú sa Rúis. Mar sin, d'éalaigh siad ó bhráca na dtiarnaí talún agus chuaigh siad le fánaíocht i machairí móra an deiscirt. Creidtear gur cuireadh síol leis an gcultúr Cosacach sa Mheánaois, ach níor thrácht na foinsí staire orthu roimh an gceathrú haois déag.
Cineál | pobal eitneach, aicme shóisialta agus estates of the realm (en) |
---|
Tugtar marcshluanna ar na dreamanna éagsúla de Chosacaigh, ar nós Marcshlua Zaporizhia, Marcshlua Don, Marcshlua Terek agus Marcshlua na hÚraile. Chuala muintir Iarthar na hEorpa an chéad iomrá ar na Cosacaigh i lár na seachtú haois déag, nuair a d'éirigh Cosacaigh Zaporizhia faoi cheannas Bogdan Chmielnicki amach in aghaidh chumhacht na Polainne agus na Liotuáine san Úcráin.
Chuir na Cosacaigh eagar míleata orthu féin, rud a chiallaigh nach raibh na stáit áitiúla - an Pholainn, an Rúis agus Cánacht na Crimé - ábalta greim a fháil orthu. Bhí siad ag maireachtáil sna machairí móra mar shluaite leath-neamhspleácha armtha. Uaireanta, bhí siad sásta comhoibriú leis na Polannaigh nó leis na Rúisigh, ach uaireanta eile, d'éirigh siad amach in aghaidh na dtiarnaí iasachta seo. I rith na naoú haoise déag, áfach, bhí na hImpirí Rúiseacha in ann a gcumhacht a chur i bhfeidhm ar na Cosacaigh, cé go bhfuair siad a lán pribhléidí ina éiric sin. Bhí siad díolmhaithe ón gcáin go hiomlán. Bhain na hImpirí úsáid astu mar scothaicme saighdiúirí agus le críocha nua a thabhairt chun míntíreachais, go háirithe sa tSibéir.
Chuaigh na Cosacaigh i líonmhaireacht go déanach sa Mheánaois, nuair a bhí na seirfigh Úcránacha agus Rúiseacha ag teitheadh óna dtiarnaí talún le triail a bhaint as saol an Chosacaigh. Sa deireadh thiar thall, áfach, d'iompaigh na Cosacaigh ina saighdiúirí in arm Impireacht na Rúise, agus iad ag coimheád teorainneacha na hImpireachta. Is mar ghardaí teorann agus mar shearbhóntaí de chuid an Impire anlathaigh sin is mó a aithníonn muintir an Iarthair na Cosacaigh, agus is le tíorántacht na hImpireachta a shamhlaítear iad – íomhá atá bun os cionn ar fad le clú na gCosacach sa Rúis féin.
Ghreamaigh íomhá rómánsúil na saoirse agus na heachtránaíochta de na Cosacaigh go dtí an lá inniu, rud atá le haithint ar litríocht na Rúise agus na hÚcráine. Tá iarsmaí na gCosacach i Rúis an lae inniu eagraithe ina marcshluaite arís, agus iad ag iarraidh páirt a ghlacadh i gcúrsaí polaitíochta, go háirithe ag tacaíocht le páirtithe agus dreamanna náisiúnaíocha. Níl údaráis na Rúise sásta stádas an ghrúpa eitnigh a bhronnadh ar na Cosacaigh go hoifigiúil, áfach.
Throid na Cosacaigh Rúiseacha in Arm na Rúise ina lán cogaí i rith na hochtú is na naoú haoise déag. Le linn Chogadh Cathartha na Rúise, bhí Cosacaigh ag troid ar an dá thaobh, san Arm Bán chomh maith leis an Arm Dearg. Bhí na Cosacaigh cois Don ar ceann de na dreamanna ba mhó a chuir in aghaidh na mBoilséavach. Mar sin féin, cuireadh reisimintí Cosacacha ar bun arís roimh an Dara Cogadh Domhanda.
Inniu, tá traidisiún na gCosacach á athbheochan i ndeisceart na Rúise. Faoi láthair, tá timpeall is 150,000 duine ar fiannas míleata in aonaid armtha na gCosacach, agus na milliúin duine ag dearcadh orthu féin mar Chosacaigh eitneacha.
Is iad na teangacha is mó a shamhlaítear leis na Cosacaigh ná an Rúisis agus an Úcráinis. Bhí canúint, téarmaí agus focail dá gcuid féin ag na Cosacaigh sa dá theanga, áfach. Na scríbhneoirí Rúisise a scríobh scéalta faoi na Cosacaigh, ar nós Mikhail Sholokhov agus Vasiliy Shukshin, d'fhéach siad le húsáid a bhaint as canúintí agus téarmaí Cosacacha ina gcuid saothar.
Fuair an Ghaeilge an focal sin ”Cosacach” ón mBéarla. Tháinig sé go dtí an Béarla agus ón bhFraincis tríd an bPolainnis agus an Úcráinis, ach is focal Tuircise é ar dtús, qazaq, nó kazak i dTuircis an lae inniu. ”Eachtránaí” nó ”fear saor” is brí leis an bhfocal ó thús.
Níl a fhios ag aon duine cathain a thosaigh na treibheacha Slavacha ag cur fúthu san Úcráin agus i ndeisceart na Rúise cois na n-aibhneacha móra úd Don agus an Dnípir. Ní dócha gur tharla sé roimh an tríú haois déag, áfach. San am sin, chloígh na Mongólaigh cumhacht na gCúmánach agus na dtreibheacha Turcacha eile sna bólaí sin. Cibé scéal é, an sórt saol a bhíodh ag na Cosacaigh i ndeisceart na Rúise, ní rud é a rith leo féin, nó dealraíonn sé go raibh siad ag déanamh aithris ar nósanna na gCúmánach agus na Siorcásach.
Is dealraitheach gur tháinig na chéad ”phróta-Chosacaigh” ar an bhfód faoi lár na tríú haoise déag san áit a bhfuil an Úcráin inniu. Tráchtann na croinicí Rútaenacha sa bhliain 1261 ar dhornán de Shlavaigh a raibh cónaí orthu idir an Dnístir agus an Volga. Is deacair teacht ar eolas stairiúil faoi na Cosacaigh a bheadh ní ba sine ná an séú haois déag, áfach. Rud deimhin é gur thúg Cosacaigh Don pictiúr naofa den Mhaighdean Muire do Dmitry Donskoy sa bhliain 1380. An cineál sochaí a bhí ag na Cosacaigh sa chúigiú haois déag, deir na foinsí comhaimseartha gur cónaidhm scaipthe de phobail neamhspleácha a bhí ann. Ba mhinic a bhí na pobail seo á n-iompar mar a bheadh airm bheaga áitiúla iontu, agus iad beag beann ar fad ar na stáit ina dtimpeall, cosúil le Ard-Diúcacht Mhoscó, leis an bPolainn, nó le Cánacht na Crimé.
Le teacht na séú haois déag, chuaigh na pobail bheaga Chosacacha le chéile le dhá mhóreagraíocht neamhspleácha réigiúnda a chruthú. Fágadh dornáin bheaga de Chosacaigh neamhspleácha taobh amuigh de na móreagraíochtaí, áfach. B'iad an dá ghrúpa seo ná:
Níl an oiread sin iomrá ar na Cosacaigh Polannacha ná ar na Cosacaigh Thataracha, nó Nağaybäklär. "Cosacaigh" (Kozacy) a thugtaí ar mharcshlua éadrom de chineál ar leith in Aontas na Polainne is na Liotuáine.
Bhí clú agus cáil ar Chosacaigh Zaporizhia. Bhí an-ról acu i ngeopholaitíocht na hEorpa Thoir, agus iad ag comhoibriú leis an stát Polannach-Liotuánach nó ag cur catha air, de réir mar ab áil leo. Bunaíodh an chéad Mharcshlua Cosacach i Zaporizhia sa bhliain 1552, nuair a thóg Dmytro Vyshnevetsky daingean in OileánKhortytsia in Íochtar na Dnípre. Faoi lár na seachtú haoise déag, d'éirigh Cosacaigh Zaporizhia amach in aghaidh na bPolannach faoi cheannas Bogdan Chmielnicki (nó Bohdan Khmelnytsky), agus de thoradh na ceannairce seo tháinig an chéad stát neamhspleách Cosacach ar an bhfód i Zaporizhia. Ina dhiaidh sin, d'iompaigh an stát seo ina heatmánacht fhéinrialaitheach, stát a thug urraim d'Impire na Rúise, agus é á rialú sách neamhthuilleamach ag an heatmán, is é sin, ceannasaí an mharcshlua. Sa dara leath den ochtú haois déag, scrios na húdaráis Rúiseacha marcshlua Zaporizhia, agus d'aistrigh iarsmaí an mharcshlua go réigiún na Danóibe agus ina dhiaidh sin go dtí an réigiún chois Mhuir Mheoid. I ndiaidh na bliana 1828 bhí an chuid ba mhó de Chosacaigh na Danóibe tar éis socrú síos i réigiúin Chosacacha Kuban agus Mhuir Mheoid. Inniu, ní bhíonn Cosacaigh Kuban admhálach gur Úcránaigh eitneacha iad, ach is féidir a mhaíomh gur canúint de chuid na hÚcráinise a labhraíonn siad, agus is féidir blas na hÚcráine a aithint ar a gcuid béaloidis.
Ba nós le Cosacaigh Zaporizhia an ríocht Otamánach - an Tuirc - agus na stáit soip a bhain léi a ionsaí go tráthrialta, ach ní hionann sin is a rá nach dtabharfaidís faoi thíortha eile ag déanamh foghla. Ba é ba toradh don nós seo ná go ndeachaigh na cúrsaí chun teannais ar theorainn theas Chomhlathas na Polainne is na Liotuáine, agus fad is a mhair an Comhlathas níor stop an mhionchogaíocht ar fud na teorann sin.
Sa bhliain 1539 d'iarr an Sabhdán Otamánach ar Vasiliy a Trí, Ard-Phrionsa Mhoscó, bac éigin a chur ar fhoghlacha na gCosacach, ach is é an freagra a fuair sí ná: "Ní mhóidíonn na Cosacaigh mionna dílseachta domsa: a rogha saol a bhíonn acu." Sa bhliain 1549, d'fhreagair Ivan Uafásach, Sár na Rúise, impí den chineál chéanna ón Sabhdán mar seo: "Ní géillsinigh de mo chuid féin iad na Cosacaigh chois Abhainn Don, agus is i ngan fhios dom féin a imíonn siad chun cogaidh agus a mhaireann siad sa tsíocháin." Chloisfeá caint den chineál seo go minic idir an Rúis, Comhlathas na Polainne agus na Liotuáine, agus an Tuirc Otamánach, agus gach ríocht acu ag iarraidh a leas féin a bhaint as Cosacaigh Zaporizhia in aghaidh an dá stát eile. Sa 16ú haois, agus an Comhlathas ag cur a ceannasaíochta i bhfeidhm ar thailte móra theas, ghlactaí leis go bunúsach gur géillsinigh Pholannach-Liotuánacha a bhí sna Cosacaigh. Go dtí an bhliain 1699, ba chuid d'Arm an Chomhlathais iad na "Cosacaigh Chláraithe", mar a thugtar orthu.
Timpeall ar dheireadh na 16ú haoise, thosaigh caidreamh an Chomhlathais agus na hImpireachta Otamánaí, nach raibh go rómhaith riamh, - thosaigh an caidreamh sin ag dul chun donais ar fad, agus na Cosacaigh ag ionsaí chríocha na nOtamánach. Ó lár na 16ú haoise ar aghaidh, bhí na Cosacaigh ag rith damhsa ar an taobh eile den teorainn, agus ní raibh an Comhlathas in ann iad a stopadh ón obair seo chomh neamhspleách is a bhí siad ina meon. Ós géillsinigh de chuid an Chomhlathais a bhí iontu, go prionsabálta ar a laghad, dhearc na hOtamánaigh ar an bhfoghlaíocht seo mar ionsaí ó thaobh an Chomhlathais. Mar chor in aghaidh an chaim thosaigh Tataraigh Otamánacha ag creachadh in oirdheisceart an Chomhlathais nach raibh mórán áitribh ann pé scéal é.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.