From Wikipedia, the free encyclopedia
Maidir le teangeolaíocht, is éard atá i gcopail focail a nascann an t-ainmní in abairt le faisnéis (comhlánú ainmnithe nó dobhriathar). Cé nach gcuireann sé féin aon ghníomh nó coinníoll in iúl, comhcheangalaíonn sé an ainmní le faisnéis atá gan aon tacaíocht aige féin ón abairt.
Úsáidtear an chopail ar shlite difriúla i dteangacha éagsúla.
Úsáidtear an chopail go minic as Béarla san aimsir láithreach: mar shampla, is féidir "Bob is running" a rá in áit "Bob runs", an leagan a úsáideann an gnáthbhriathar.
Tá dhá fhoirm bhunúsacha ag an mbriathar a thagraíonn do "bheith" i nGaeilge. Úsáidtear an ghnáthfhoirm, .i. bí, le tagairt a dhéanamh do stádas éigin sealadach. Úsáidtear an chopail le tagairt a dhéanamh do stádas nach n-athraíonn de ghnáth; m.sh. is fear mé, is Albanach í. San aimsir chaite agus sa mhodh coinníollach tá an fhoirm ba ag an gcopail.
Tá an abairt Tá sé fear anseo mar shampla de dhá bhotún bhunúsacha a dhéanann foghlaimeoirí na Gaeilge go minic.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.