Coláiste Naomh Aloysius, Baile Átha Luain
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is meánscoil Bhéarla í Coláiste Naomh Aloysius, suite in Áth Luain, i gContae na hIarmhí, i bPoblacht na hÉireann. Scoil do bhuachaillí atá ann, cé go mbíonn an t-Athchúrsa don Ardteistiméireacht oscailte do chailíní freisin.
Remove ads
Remove ads
Stair
An Moinsíneoir John McCarthy agus an Dr. Vincent Hanly, Easpag Ail Finn, a bhunaigh an scoil sa bhliain 1960. Tá an coláiste ainmnithe i ndiaidh Aloysius Gonzaga (1568 – 1620), uaslathaí Iodálach in aimsir an Renaissance agus ball de Chumann Íosa a rinne an Pápa Beinidict XIII naomh de sa bhliain 1726.
Ar dtús cuireadh ranganna ar siúl i seomra beag ceangailte d’Amharclann Dean Crowe. Ní ba dhéanaí aistríodh an scoil go suíomh tiomnaithe agus ní ba mhó i mBóthar Páirc na bhFiann, an suíomh céanna ina bhfuil an scoil inniu. Teach Seoirseach a tógadh sa bhliain 1820 atá ann. Ba leor sin do riachtanais na scoile ar feadh i bhfad ach de réir mar a d’fhás líon na ndaltaí, cuireadh seomraí ranganna agus staidéir leis, chomh maith le háiseanna fóillíochta. Theagasc an Dr. Joseph Ducke, údar agus fundúir an Amharclann Passionfruit in Áth Luain, Béarla sa scoil.
Sa bhliain 2010, chuaigh an coláiste i gcomhar leis an gCorparáid Élan i dtionscnamh foghlamtha.[1]
Remove ads
Gradaim agus éachtaí acadúla
Sa bhliain 2014, bhí an coláiste ar na trí scoil a b’fhearr in earnáil na teicneolaíochta ag Taispeántas an Eolaí Óig agus mic léinn Aloysius ag leagan a n-intinn ar áiseanna foinsí oscailte agus an féidir iad a úsáid le córais téacs-go-teanga. Sa bhliain chéanna, bhuaigh foireann triúir ón scoil (Lochlann O'Reagan, Paul Rushe agus Eryk Zaplata) Gradam Fuinnimh Inmharthana SEAI ag SciFest ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain.[2]
Remove ads
Féach freisin
Naisc sheachtracha
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads