From Wikipedia, the free encyclopedia
Cuthaíodh dualgais Choimisinéir na Breatnaise i mBeart na Breatnaise (An Bhreatain Bheag) 2011, (Breatainis: Mesur y Gymraeg (Cymru) 2011,a tháinig i bhfeidhm an 1 Aibreán 2012 ) , agus é mar aidhm úsáid na Breatnaise a chur chun cinn agus a éascú.[1]. Is éard atá i gceist leis seo feasacht a mhúscailt faoi stádas oifigiúil na Breatnaise sa Bhreatain Bheag agus trí chaighdeáin a fhorchur ar eagraíochtaí.[2] Mar thoradh air seo, bunófar cearta do chainteoirí Breatnaise dá bharr.
De réir shuíomh Gréasáin an Choimisinéara, tá dhá phrionsabal atá mar bhonn agus taca le hobair an Choimisinéara, eadhon:
Níor chóir caitheamh leis an mBreatnais le níos lú fabhar ná an Béarla sa Bhreatain Bheag
Ba cheart go mbeadh daoine in ann a saol a chaitheamh sa Bhreatain Bheag trí mheán na Breatainise más mian leo.
Tá obair an Choimisinéara neamhspleách go polaitiúil. Ba é Meri Huws an chéad Choimisinéir,[3] agus tháinig Aled Roberts i gcomharbacht uirthi an 31 Márta 2019.[4]
Ról an Choimisinéara Féadfaidh an Coimisinéir aon rud a dhéanamh a mheasann sé nó sí a bheith iomchuí chun:
Áirítear leis seo deiseanna a chur chun cinn chun an Bhreatnais a úsáid agus an cleachtas is fearr in úsáid na Breatnaise a spreagadh ag daoine a phléann le daoine eile, nó a sholáthraíonn seirbhísí do dhaoine eile. Cuimsíonn réimsí a chuid nó a cuid oibre saincheisteanna dlí freisin, tuarascálacha, taighde, gníomhaíochtaí oideachais agus moltaí i scríbhinn a ullmhú agus a fhoilsiú d’Airí Rialtas na Breataine Bige. Is féidir leis an gCoimisinéir comhairle a thabhairt do dhaoine freisin.
Féach freisin
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.