dealbhóir agus scríbhneoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba dhealbhóir, fhile agus scríbhneoir í Clíodna Cussen (1932 — 1 Lúnasa 2022). Tá sí áirithe ar dhuine de shárdhealbhóirí na hÉireann agus tá a cuid saothar le feiceáil in áiteanna poiblí ar fud na tíre, i mBaile Átha Cliath go háirithe.[1][2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 18 Meán Fómhair 1932 An Caisleán Nua, Éire |
Bás | 2 Lúnasa 2022 89 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dealbhóir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Teaghlach | |
Céile | Pádraig Ó Snodaigh |
Is i mBaile Átha Cliath a chaith sí an chuid is mó dá saol, áit ar chruthaigh sí saothair ealaíne a bhain clú agus cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta amach i gcaitheamh na mblianta.[3]
Thar aon ní eile, is iad na dealbha cré-umha agus cloch a mhúnlaigh agus a shnoigh sí is mó a fhágann sí le huacht ó tá a lán acu crochta in áiteanna poiblí ar fud na tíre. Áirítear ina measc An Chloch Fhada i gceantar Shráid an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath, Cé a Rinne an Domhan? i nDroichead na Dothra agus an dealbh de Naomh Pádraig i Mám Éan i gConamara.
Saolaíodh Cussen i gCaisleán Nua Thiar i gContae Luimnigh sa bhliain 1932.
D'fhreastail sí ar an ollscoil i mBaile Átha Cliath agus i bhFlórans, san Iodáil.[3] Ag saothrú le cré-umha agus le cloch is mó a bhíonn sí. Chomh maith leis sin, tá saothar grafaicí déanta aici don Stiúideó Grafach i mBaile Átha Cliath.
Bhí Cussen pósta le bunaitheoir an chomhlachta foilsitheoireachta Coiscéim, an staraí Pádraig Ó Snodaigh; bhí seisear clainne orthu, baill de chuid Kíla ina measc agus TD de chuid Sinn Féin, Aengus Ó Snodaigh.
Tá saothar Cussen léirithe go forleathan agus ghnóthaigh sí duais dá dealbhóireacht ag an Oireachtas, chomh maith le Bonn Órga don dealbhóireacht as Lios Tuathail. Bronnadh go leor coimisiún oibre poiblí uirthi agus tá a dtorthaí le fáil ar fud na hÉireann, agus bhí dealbha á ndéanamh go deireadh a saoil aici. Le cloch agus cré-umha is mó a d'oibríodh sí.[4]
Ar na saothair is cáiliúla léi, tá an an dealbh Steine nó ‘An Chloch Fhada’ atá lonnaithe san áit a dtagann Sráid an Phiarsaigh agus Sráid an Choláiste le chéile. Cuireadh macasamhail na Cloiche Fada (Ivar the Boneless' Pillar) in airde sa bhliain 1986, suíomh na bunchloiche Lochlannachaí a chuireadh ann chun cosc a chur ar na longa fada rith cladaigh a thabhairt.[5]
Is í a rinne an dealbh ‘Who Made The World’ i nDroichead na Dothra.
Sa bhliain 1986, rinne sí dealbh de Naomh Pádraig lena léirítear é mar aoire agus caoirigh taobh leis. Ag láthair oilithreachta r Mhám Éan i gConamara atá an dealbh.[6]
Ar na saothair eile is cáiliúla léi, tá an Gallán Gréine le feiceáil i mBaile Gaelach.
Chomh maith le líon mór leabhar agus féilirí a dhearadh, foilsíodh leabhair dá cuid féin freisin.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.