Banríon ab ea Cléópátra[1] VII Philopator (as Gréigis, Κλεοπάτρα Φιλοπάτωρ; 69 RCR. – 30 RCR). Rialaigh sí an tSean-Éigipt in aice lena hathair, agus ansin lena deartháireacha, agus sa deireadh ina haonar.
Saol
De réir nós na nÉigipteach, bhí Cléópátra pósta ar a deartháir. Bhí caidreamh collaíochta aici le hIúil Caesar nuair a thaistil sé go dtí an Éigipt sa bhliain 48 RCR, áfach. Rugadh mac di le Caesar, ar ar bhaist sí an t-ainm Caesarion, agus bhí Caesar sásta an atharthacht a admháil. Mar sin féin, níor fhág sé aon oidhreacht ag Caesarion ina thiomna.
Ní rithfeadh leis riamh Cléópátra a phósadh, ach an oiread, nó bheadh a chnaipe déanta mar pholaiteoir sa Róimh dá bpósfadh. Tar éis a bháis, bhí triúr páiste ag Cléópátra in éineacht le Marcas Antaine. Nuair a bhuaigh Octáivian orthu ag cath Actium, theith Cléópátra.
Fuair Antaine bás faoina lámh féin agus deirtear gur sháigh sé é féin sa bholg lena chlaíomh gearr Rómhánach.
Chuir Cléópátra lámh ina bás féin freisin. Níor mhínigh a lia a cúis báis ach de réir na tuairime choitianta, lig sí d'asp nó cobra í a priocadh. Is léir gur mharaigh Octáivian Caesarion, in aois ocht mbliana déag dó agus é ag teitheadh sa bhliain chéanna.
Seandálaíocht
Níor thángthas ar thuama Chléópátra riamh.
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.