From Wikipedia, the free encyclopedia
Is lotnaid í ciaróg choirte an sprúis (Ips typographus).[1]
Ips typographus | |
---|---|
Taifead | |
Sonraí | |
Óstach | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Insecta |
Ord | Coleoptera |
Fine | Curculionidae |
Géineas | Ips |
Speiceas | Ips typographus (Linnaeus, 1758) |
Ainmníocht | |
An chéad ainm Laidine a bhí air | Dermestes typographus |
In Éirinn tá eagla ann go ndéanfadh an chiaróg dochar do chrainnte sprúis go háirithe.[2] Go luath sa 21ú haois, bhí léirscrios déanta ag na feithidí ar limistéir foraoise ar fud na hEorpa.[3]
I mí na Nollag 2023 thug an Roinn Talmhaíochta le fios go raibh mianach amháin ciaróg neamhdhúchasach ar a laghad i ndeisceart Chontae an Chláir, an chiaróg phéine Monterey.[4][5] Ní fios cén chaoi a dtáinig an chiaróg seo, speiceas coimhthíoch ionrach b'fhéidir, an bealach uilig as Meicsiceo.
Sa bhliain 2024, bhí faitíos ollmhór in Éirinn ar lucht na gcrann roimh alpadh na ciaróige coirte.[6] Bhí moltaí curtha chun na Roinne Talmhaíochta go mb'fhéidir gur cheart an choirt a scríobadh de na crainnte atá á n-allmhairiú do thionscal an adhmaid, ar mhaithe le cothú agus gnáthóg a shéanadh ar aon chiaróg a thagann anall. Bhí srian curtha i bhfeidhm ag an Roinn, gan aon chrann a leagan ná a ghearradh i limistéir 10km² i ndeisceart an Chláir, gan fógra a bheith curtha agus cead a bheith faighte ón Roinn. Le Coillte an chuid is mó de na crainnte atá curtha i bhforaoisí sa gcontae ach tá riar acu freisin faoi úinéireacht phríobháideach.[3]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.