Is stiúrthóir, léiritheoir, agus scríbhneoir scannáin Angla-Mheiriceánach é Christopher Robert Nolan (30 Iúil1970 a rugadh é). Níl an oiread sin scannán tugtha ar an bport aige, dhá cheann déag san iomlán (go dtí 2023), ach d’éirigh leo ar fad an sprioc a aimsiú.[1]
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Christopher Nolan
Beathaisnéis
Breith
(en) Christopher Edward Nolan 30 Iúil 1970 54bliana d'aois Londain, England
Is é is ábhar don leathanach seo ná an stiúrthóir Angla-Mheiriceánach, Christopher Nolan.Má tá suim agat i gciall eile atá leis an téarma seo, féach Christopher Nolan (scríbhneoir).
Gairm
Chuir an scannán Batman Begins (2005) tús le comhghuaillíocht rathúil idir Cillian Murphy agus Nolan a thabharfadh sé scannán chugainn; dhá scannán Batman eile, Inception (2010) agus Dunkirk (2017). Taispeántas cuidsúlacha ó Murphy i gcónaí ach sáinnithe i róil thacaíochta. Ansin chnag Nolan ar dhoras Murphy don séú babhta, ról eile aige dó, mar cheann feadhna an uair seo. Oppenheimer.[2][3]
Príomhscannáin
Following (1998) (scríbhneoir & léiritheoir freisin)
Memento (2000) (scríbhneoir)
Insomnia (2002)
Batman Begins (2005) (scríbhneoir freisin) le Cillian Murphy.
The Prestige (2006) (scríbhneoir & léiritheoir freisin)
The Dark Knight (2008) (scríbhneoir & léiritheoir freisin) le Cillian Murphy.
Inception (2009) (scríbhneoir & léiritheoir freisin) le Cillian Murphy.