Ba ghrúpa treibheanna iad na Ceiltigh a bhí i gceannas ar chuid mhór den Eoraip roimh theacht chun cinn na Róimhe. Sa tríú haois roimh Chríost ba iad na Ceiltigh a bhí i gceannas, ó Éirinn is ón mBreatain sa tuaisceart, sa Fhrainc is sa Spáinn ó dheas agus chomh fada soir agus na Balcáin is an Tuirc. Níor dream amháin a bhí iontu, áfach, ach grúpaí lena ríthe féin, cé go raibh an teanga is an cultúr céanna acu uile.[1]
Cineál | cultúr, stíl agus grúpa eitneach stairiúil |
---|---|
Le leanúint | Ceiltigh |
Réamhrá
Is cnuasach ársa de dhreamanna Ind-Eorpacha iad na Ceiltigh[2] [3] lonnaithe ar fud na hEorpach agus na han Anatóilé, ceangailte lena gcuid teangacha Ceilteacha agus cosúlachtaí cultúrtha eile.[4][5][6][7] I measc dreamanna Ceilteacha, bhí idir na Gaill, Ceiltibéirigh, Gallaeci,[8][9] Galátaigh, Briotanaigh agus Gaeil.
Is doiléir agus conspóideach é an gaol idir eitneacht, teanga agus cultúr sa domhan Ceilteach.[10] Tá achrann ann go háirithe ar nó nár Ceiltigh iad dreamanna lonnaithe in Éirinn agus sa Bhreatain le linn na hIarannaoise.[7][10][11][12]
Bunúis
Pléitear fós stair na hEorpach réamhCheiltí agus bunúis na gCeilteach.
Dar le smaoineamh amháin, tháinig na teangacha Ceilteacha chun cinn i measc an cultúr Urnfield de chuid na Cré-umhaoise i lár na hEorpach, a bhí faoi bhláth timpeall na bliana 1200 RC.[13] Más fíor, bhí nasc idir na Ceiltigh agus an cultúr Hallstatt de chuid na hIarannaoise a tháinig ina dhiaidh (c. 800–450 RC).[13][14] Glaoitear scaití "tír dhúchais na gCeilteach" ar an gcuid seo de lár na hEorpach. Moltar go raibh cultúr Ceilteach leata siar faoi thréimhse La Tène (c. 450 RC ar aghaidh), trí scaipeadh nó imirce go dtí an Fhrainc agus Na Tíortha faoi Thoinn (Gallaigh), Éire agus an Bhreatain Mhór (Ceiltigh na nOileán), An Ibéir (Ceiltibéaraigh, Gailísigh, Celtici) agus tuaisceart na hIodáile (Lepontii agus an Ghaill Chiosalpach).[15]
Dar le smaoineamh eile, tháinig na prótai-Cheiltigh chun cinn níos luaithe le linn na Cré-Umhaoise ar an gcósta Atlantach agus gur leathadar soir, chomh fada is lár na hAnatóile.[16]
Ba iad na Gréagaigh a d’úsáid an focal Keltoi i dtosach, ar Jenkins.[1] Barbaraigh a bhí i gceist acu.
Na Rómhánaigh
Bhíodh achrann ann go minic idir na Ceiltigh agus na Rómhánaigh, mar shampla na Cogaí Ceiltibéireacha, Cogaí na nGallach agus concas na Breataine. Faoin chéad aois AD, bhí na Ceiltigh uile a bheag nó a mhór faoi smacht Impireacht na Róimhe. Faoi c. 500, de thoradh rómhánaithe agus imirce na dreamanna Gearmánacha, ní bhfuarthas cultúr Ceilteach ach in Éirinn, sa Bhreatain thiar agus thiar thuaidh, agus sa Bhriotáin, go háirithe idir an 5ú agus 8ú aois, le hoidhreacht teangan, creidimh agus ealaín i gcomhchoiteann acu.[17]
Ceiltigh na nOileán
Le himeacht ama, roinneadh Ceiltigh na n-oileán ina nGaeil (na hÉireannaigh, na hAlbanaigh agus na Manannaigh) agus ina mBriotanaigh Cheilteacha (na Breatnaigh, na Cornaigh agus na Briotánaigh) de chuid na meánaoise agus inniu.[4][18][19] Tháinig daoine uaireanta aníos thar farraige as an Spáinn agus as an bPortaingéil. Bhí taisteal ar farraige i bhfad níba sciobtha ná turas ar an talamh. Aistear a thógfadh mí de shiúl cos d’fhéadfaí é dhéanamh in imeacht lae ar farraige.[1] Níor tháinig na daoine sin aníos in aon sruth leanúnach amháin ar ndóigh.
Cruthaíodh féiniúlacht Ceilteach nua-aimseartha mar chuid den Athbheochan Cheilteach le linn na Ré Rómánsaí sa Bhreatain agus in Éirinn, maraon le háiteanna eile san Eoraip amhail is an Ghailís.[20]
Teangacha
Is í an fhianaise is luaithe a mheastar gan amhras gur teanga Cheilteach atá iontu ná inscríbhinní Leapóintise de chuid na 6ú haoise RC.[21] Ní fheictear teangacha Ceilteacha na Mór-roinne ach in inscríbhinní agus logainmneacha. Feictear teangacha Ceilteacha na nOileán ón 4ú haois AD in inscríbhinní Oghaim, cé go raibh siad á labhairt is léir i bhfad níos luaithe. Tosaíonn litríocht Ghaeilge le téacsanna Sean-Ghaeilge ón 7ú/8ú haois AD. Tá codanna de mhiotaseolaíocht na gCeilteach taifeadta i luath-Litríocht na Gaeilge agus litríocht na Breatnaise de chuid na meánaoise.
Sa lá atá inniu ann, labhraítear fós in iar-chríocha na gCeilteach Gaeilge, Gaeilge na hAlban, Breatnais agus Briotáinis, fad is atá Coirnis agus Gaeilge Mhanann á n-athbheochan.
Tréimhsí
- Cultúr Hallstatt - idir an 7ú is an 5ú haois RC
- Cultúr La Tène - lár an 5ú haois go dtí an aimsir a chloígh na Rómhánaigh na Ceiltigh
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.