From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í Cathair Ho Chi Minh (nó Saigon mar a thugtaí uirthi roimh an mbliain 1975) an chathair is mó in Vítneam. Ní príomhchathair anois í ach is í an áit ghnóthaí is beoga sa tír í. Tá timpeall 5,387,100 duine ina gcónaí ann agus limistéar 2,095 km² aici.
Cathair Ho Chi Minh | |||||
---|---|---|---|---|---|
ក្រុងព្រៃនគរ (km) | |||||
Leasainm | Péarla an Chianoirthir agus La perle de l'Extrême-Orient | ||||
Ainmnithe in ómós | Ho Chi Minh | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Vítneam | ||||
Príomhchathair de | Poblacht Vítneam (1955–1975) | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 9,389,720 (2022) | ||||
• Dlús | 4,481.13 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Vítneam | ||||
Achar dromchla | 2,095.39 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Abhainn Saigon agus Abhainn Bến Nghé | ||||
Airde | 13 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Saigon (en) agus Gia Định | ||||
Bunaitheoir(í) | Nguyen Huu Chanh | ||||
Cruthú | 1698 1955 1976 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 70000–70999, 71000–71999, 72000–72999, 73000–73999 agus 74000–74999 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 282, 283, 284, 285, 286, 287 agus 8 | ||||
Cód ISO 3166-2 | VN-SG | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | hochiminhcity.gov.vn |
Anuas go dtí an 17ú céad, nuair a bhain na Vítneamaigh den Chambóid í, ní raibh sa chathair ach sráidbhaile beag iascaireachta a dtugtaí Prey Nokor air i gCambóidis. Tar éis bhua na Vítneamach thosaigh an sráidbhaile ag dul i méid. Tar éis tamaill ba í an chathair ba thábhachtaí i ndeisceart Vítneam í agus tugadh Saigon uirthi. (Roimh theacht na Fraince sa 19ú haois thugtaí Gia Dinh nó 嘉定 uirthi go hoifigiúil chomh maith.)
Cé gur ghabh Vítneam an réigiún úd in aice le habhainn Mekong fágadh a lán Cambódach ann, agus tá a sliocht le fáil i gCathair Ho Chi Minh agus sa cheantar máguaird i gcónaí: Khmer Krom.
Sa bhliain 1957 rinneadh príomhchathair rialtas frith-Chumannach Vítneam Theas de Shaigon. Thosaigh an dara cogadh Inde-Síneach (cogadh cathartha), agus neart saighdiúirí Meiriceánacha sa chathair dá bharr chun cuidiú le rialtas an deiscirt. Ba dhian an comhrac a bhíodh ar siúl timpeall na cathrach. Nuair a rug fórsaí Vítneam Thuaidh an chraobh leo sa bhliain 1975 thug an rialtas nua Cumannach "Cathair Ho Chi Minh" ar "Shaigon" le hómós don cheannaire Cummanach Ho Chi Minh.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.