polaiteoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Polaiteoir Éireannach agus gníomhaí Poblachtánach ab ea Caitlín Bean Uí Chléirigh nó Kathleen Clarke (11 Aibreán 1878 - 29 Meán Fómhair 1972), a bhí ina leasuachtarán ar Chumann na mBan sna 1910idí. Bhí sí ina ball de Shinn Féin ar dtús agus ansin Fianna Fáil.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 11 Aibreán 1878 Luimneach, Éire |
Bás | 29 Meán Fómhair 1972 94 bliana d'aois Learpholl, England |
Áit adhlactha | Reilig Ghráinseach an Déin |
Seanadóir na hÉireann | |
6 Nollaig 1928 – 19 Bealtaine 1936 Téarma parlaiminte: 1ú suí de Sheanad Éireann Toghadh i: Seanad Éireann 1928 | |
Teachta Dála | |
23 Meitheamh 1927 – 16 Lúnasa 1927 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 5ú Dáil Toghcheantar: Baile Átha Cliaith Thuaidh Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, Meitheamh 1927 | |
Teachta Dála | |
16 Lúnasa 1921 – 8 Meitheamh 1922 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 2ú Dáil Toghcheantar: Baile Átha Cliath Láir Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1921 | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fianna Fáil |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Tomás Ó Cléirigh |
Éadaitheoir agus bean gnó i Luimneach, lean Kathleen Daly a fiancé, Tom Clarke, go dtí na Stáit Aontaithe sa bhliain 1901. Phós siad ar 16 Iúil 1901 i Nua Eabhrac
Ar ais in Éirinn, cuireadh sa phríosún í i ndiaidh Éirí Amach 1916 agus cuireadh chun báis a fear céile agus a deartháir Edward Daly.[2]
Toghadh chun na Dála í sa bhliain 1921, áit ar chaith sí vóta in aghaidh an Chonartha.
Ainmníodh í chuig an gCéad Seanad sa bhliain 1928 mar bhall d’Fhianna Fáil, agus chuir sí in aghaidh alt sa Bhille um Choinníollacha Fostaíochta 1935 a chuir cosc ar mhná post a ghlacadh i dtionscail áirithe. Dhiúltaigh Clarke glacadh leis an gcomhaontú go dtiocfadh laghdú ar phá na bhfear de bharr “pá comhionann as obair chomhionann”.
Sa bhliain 1939, bhí sí ar an gcéad bhean chun bheith ina hArd-Mhéara ar Bhaile Átha Cliath.[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.